Cuil Bhealtaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feithid sciathánach le beatha ghairid fhásta. Maireann sí 4 bhliain mar larbha, agus ansin tagann amach mar chuil fhásta eitilte, nach n-itheann is nach maireann ach 2-72 uair. I rith na tréimhse gairide sin cúplálann sí is beireann uibheacha. Tugann sí féasta do na héisc an t-am sin bliana, agus spórt do na hiascairí.