Cruinne oscailte

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cruinne Oscailte)

Sa chosmeolaíocht, is éard atá i gceist le cruinne oscailte ná samhail spás-ama ina bhfuil an chuaire spásúil níos lú ná 0. Sa chás seo, leanfaidh an Chruinne uirthi ag fairsingiú go deo, agus is féidir a chruthú nach raibh ach Ollphléasc amháin ann san am atá caite. Ní ionann é seo agus an coincheap ilfhillteán oscailte sa toipeolaíocht, rud atá ina chúis mhearbhaill anois is arís: is féidir leis na sliseanna spásúla i gcruinne oscailte a bheith ina n-ilfhillteán dúnta.