Cruanadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid ábhar ildaite, cosúil le gloine, a bhácáiltear ar mhiotal nó ceirmeacht mar mhaisiúchán. Is iad na teicníochtaí a úsáidtear ar mhiotail ná basse taille, champlevé, cloisonné, agus péintéireacht. Táirgeadh cruain phéinteáilte ar chopar den chaighdeán is airde i Limoges sa 16ú céad, agus baineadh feidhm as an teicníocht chéanna ar fud na hEorpa sa 18ú céad chun boscaí snaoise is giuirléidí beaga eile a dhéanamh. I maisiú ceirmeachta le cruan, cuirtear an cruan ar an mbunghloiniú bácáilte agus déantar bácáil nó dhó eile ag teocht níos lú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruanadóireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.