Cruan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cruan

Meán maisiúil chun dromchla ardghloinithe a chur ar mhiotal. Tosaítear le flosc bog gloine a phéinteáiltear ar dhromchla an mhiotail. Cuirtear dathanna (ábhair neamhorgánacha nó mhianracha de ghnáth, cosúil le hocsaídí miotal) ar an bhflosc mar phatrún nó pictiúr, agus ansin bácáiltear an t-iomlán i bhfoirnéis. Baintear feidhm as teicníochtaí den saghas céanna sa tionsclaíocht chun umair chruanta (mar shampla, babhlaí is uirlisí cistine) agus cabhalra cruanta d'innealra (mar shampla, oighinn is cuisneoirí) a tháirgeadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cruan". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 187.