Cruachghreanadóireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicníocht greanadóireachta chun cló a dhéanamh, a tugadh isteach sa 19ú céad, agus plátaí cruach á n-úsáid in ionad na seanphlátaí copair. Chun freastal ar an éileamh mór ar phictiúir an-choitianta a atáirgeadh a tugadh isteach iad, mar bhí siad níos crua fadsaolaí ná na seanphlátaí traidisiúnta. Ach bhí siad ró-dheacair a ghearradh is a ghreanadh. Faoi dheireadh, rinneadh na plátaí copair a leictreaphlátáil le cruach chun cuid de shochar na cruach a fháil.