Crosán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCrosán
Alca torda Cuir in eagar ar Wikidata

Alca torda torda Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Réise sciathán0.661 m Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN22694852 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdCharadriiformes
FineAlcidae
GéineasAlca
SpeiceasAlca torda Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Alca torda

Is éan é an crosán[1] (Alca torda), agus is é an t-aon speiceas amháin sa ghéineas úd Alca. Ceann de speicis na fine úd Alcidae atá ann. Glactar leis gurb é an cineál éan is cóngaraí ó thaobh na géinitice de don fhalcóg mhór, speiceas a chuaigh in éag sa naoú haois déag agus nach raibh ábalta eitilt a dhéanamh. Murab ionann agus an t-éan gaolmhar seo tá an crosán in ann eitilt go maith. Speicis gaolmhara eile iad na forachain (Uria), is é sin an ghnáthfhoracha nó an t-éan aille (Uria aalge) agus foracha Brünnich (Uria lomvia)

Ba é an t-eolaí Sualannach Carolus Linnaeus (Carl von Linné) a bhaist an t-ainm Laidine ar an gcrosán, agus bhunaigh sé an dá fhocal alca agus torda ar an Lochlainnis (cf. álki na hÍoslainnise agus törd na Sualainnise canúnaí). Bhain sé an chéad úsáid as Alca torda sa deichiú heagrán dá mhórshaothar Systema Naturae.

Aithníonn eagraíocht na n-éaneolaithe Meiriceánacha dhá fhospeiceas, Alca torda torda agus Alca torda islandica - barrúil go leor ní thiocfá ar an dara ceann acu san Íoslainn. Is é an fospeiceas úd islandica an ceann a bhfuil cónaí air in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus in iarthuaisceart na Fraince.

Bíonn an crosán 505-890 g ar mheáchan, 37-39 ar fad, agus fad an sciatháin ag guagaíl idir 201-216 mm (201-213 mm ag na crosáin bhaineanna). Tá bolg an chrosáin bán, agus téann an bháine i bhfairsinge nuair nach mbíonn an crosán ag neadú. Maireann an crosán 13 bliana ar mheán, ach is féidir teacht ar an gcorr-aonán a sháraíonn an aois sin go mór mór: sa Ríocht Aontaithe mhair crosán amháin 41 bhliain, de réir an fháinne a bhí sé a iompar.

Caitheann an crosán an chuid is mó dá shaol amuigh ar an teiscinn mhór. Ní thagann sé i dtír ach le nead a thógáil. Cosúil leis na hAlcidae eile maraíonn sé iasc, ar nós caibeallán, corr ghainimh, salán, troisc óga, agus scadán. Is féidir leis na crosáin crústaigh agus polacaeit a ithe freisin, agus le fírinne dealraíonn sé go bhfuil réim bia an chrosáin ag brath go mór ar an gcineál bia atá ar fáil san áit a bhfuil sé ag déanamh a chuid seilge.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Alca torda” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.