Crois Mhic Lionnáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sráidbhaile i ndeisceart Ard Mhacha, is ea Crois Mhic Lionnáin, ar an mbóthar idir Dún Dealgan agus An Chéide. Dar le daonáireamh na bliana 2001 bhí 1,459 duine ann.

Meastar gur ainmníodh an baile as Eoghan Mac Lionnáin, a raibh síbín aige sa cheantar san 18ú haois.

Is i gcuimhne ar an gCairdinéal Tomás Ó Fiaich, scoláire mór staire agus gaeilge a d'éag sa bhliain 1990 a ainmníodh cearnóg an tsráidbhaile.

Bhí bunáit mhór ag Arm na Breataine agus ag an Constáblacht Ríoga Uladh sa cheantar ar feadh na mblianta agus ní raibh fáilte ar bith rompu. Maraíodh 58 póilín agus 124 saighdiúir ar a laghad i ndeisceart Ard Mhacha le linn na dtrioblóidí, go leor díobh sin i gCrois Mhic Lionnáin féin.[1]

In ainneoin bunáit an airm a bheith suite beagnach sa mhullach ar a bpáirc pheile, agus na saighdiúirí a bheith ag cur isteach de shíor ar chluichí agus ar imreoirí, rinne peileadóirí na háite an-ghaisce agus bhuaigh siad Craobh Shinsear Chlubanna Peile na hÉireann sna bliana 1997, 1999, 2000 agus 2007.

Déimeagrafach[athraigh | edit source]

Teangacha[athraigh | edit source]

Bhí eolas de saghas éigin ar an Gaeilge ag 23.39% don daonra.Bhí eolas ar Albainis Uladh ag 2.19% don daonra. Ní raibh Béarla an céad teanga do 1.92% do daonra Crois Mhic Lionnáin.

Reilgiún[athraigh | edit source]

Bhí 95.42% ó cúlra Caitliceach. Bhí 3.64% don daonra ó cúlra Protastúnachas nó reilgiún Críostaíocht eile.

Tagairtí[athraigh | edit source]

{{http://www.ninis2.nisra.gov.uk/public/AreaProfileReportViewer.aspx?FromAPAddressMulipleRecords=CROSSMAGLEN@Exact%20match%20of%20location%20name:%20@Exact%20Match%20Of%20Location%20Name:%20%20Crossmaglen@5?,}}