Crios néiríteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An fharraige os cionn na scairbheacha ilchríochacha, atá go mór faoi iarmhairt na tíre de bharr a gaireachta. Athraíonn teocht is salandacht an uisce ann i bhfad níos mó minice ná san uisce amuigh san aigéan. Ní mór gur féidir leis an mbeatha mara—ainmhithe, plandaí is eile — a áitríonn an crios seo na síorathruithe ina gcomhshaol a fhulaingt.