Crios méisipeiligeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crios doimhneachta sa bhfarraige oscailte ag síneadh ó bhun an chreasa eipipeiligigh síos go dtí doimhneacht timpeall 1 km. Sa chrios seo níl dóthain solais ón nGrian le haghaidh na fótaisintéise, ach bíonn dóthain chun rudaí a fheiceáil. Cuimsíonn an crios seo an príomhtheirmeachlaonas aigéanach agus an crios leis an íosthiúchan ocsaigine tuaslagtha sa chuid is mó de na haigéin ar Domhan.