Creitíneacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Riocht a chuireann isteach ar pháistí nach mbíonn soláthar dóthanach hormón tíoróideach (tíorocsaín) acu. I gcásanna áirithe, bíonn an fhaireog thíoróideach méadaithe. Ní tharlaíonn fás ná forbairt normálta, agus bíonn mar thoradh airde íseal, borrúlacht craicinn (ar an aghaidh go príomha), teanga mhéadaithe, cailliúint gruaige, agus uireasa meabhrach. Is féidir naíonáin a scagthástáil go luath tar éis a mbreithe féachaint an bhfuil dóthain hormóin thíoróidigh á táirgeadh acu.