Creidiúnú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cárta Creidiúnaithe tipiciúil le haghaidh Grianghrafadóir nó Iriseoir, caite de ghnáth ar theaghrán thart ar a mhuineál.

Is é is ciall le creidiúnú ná an próiseas ina gcuirtear deimhniúchán inniúlachta, údaráis, nó incheidiúnachta i láthair. Eagraíochtaí a eisíonn dintiúir nó a dheimhníonn tríú páirtithe i gcomparáid le caighdeáin oifigiúla, bíonn orthu féin dul faoi phróiseas foirmiúil creidiúnaithe ag comhlachtaí creidiúnaithe (mar shampla Bord Náisúnta na hÉireann um Chreidiúnú (BNÉC)). Dá bhrí sin, tugtar de ghnáth "comhlachtaí deimhniúcháin creidiúnaithe" orthu. Cinntíonn an próiseas creidiúnaithe go bhfuil a gcleachtais deimhniúcháin inghlactha, de ghnáth, ciallaíonn seo go bhfuil siad inniúil le haghaidh an tríú páirtí a thástáil agus a dheimhniú, go n-iompraíonn siad iad féin go heiticiúil agus go n-úsáideann siad dearbhú oiriúnach cáilíochta.