Crawford Williamson Long

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lia a rugadh i Georgia sna Stáit Aontaithe ab ea Crawford Williamson Long (1815-1878). An chéad duine a d'úsáid éitear leis an bpian a mhaolú le linn obráide. I 1842 bhain sé siad amach as muineál othair gan phian, trí éitear a thabhairt le hionálú don othar, á shileadh ar cheirt taobh lena cheann. Ní dhearna sé a shaothar a phoibliú go dtí 1849, agus de thoradh na moille seo ní bhfuair sé aitheantas mar ainéistéisí ceannródaíoch go dtí na blianta fada ina dhiaidh sin.