Crann neimhe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann duillsilteach a fhásann go tapa suas go 20-30 m ar airde. Dúchasach don tSín, agus plandaítear é go forleathan mar mhaisiúchán, mar scáth, is chun an ithir a chobhsú. Na duilleoga cleiteach le 13-25 duilleoigín fiaclach (le 2-4 fhiacail), iad dearg nuair a bhíonn siad óg. Na bláthanna i gcrobhaingí móra, réaltach scothghlas/bán le boladh láidir. Sciathán fadaithe ar na torthaí.