Crónghiúis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann ollmhór maorga síorghlas buaircíneach nach bhfaightear ach ar fhánaí thiar shléibhte an Sierra Nevada i gCalifornia agus iardheisceart Oregon. An crann is airde ar Domhan, níos mó ná 100 m, agus suas le 8 m ar trastomhas. An choirt suas le 1 m i dtiús, scothdhearg snáithíneach spúinsiúil. Luaitear na crainn seo i measc na n-orgánach beo is seanda ar Domhan, 400-4,000 bliain d'aois. An-fhorleathan tráth dá raibh, agus faightear a n-iontaisí sa Ghraonlainn is an tSín.