Crócas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil a tháirgeann cormáin, dúchasach don Eoraip. Na duilleoga 12-30 cm ar fhad, lansa-chruthach snasta, imithe nuair a thagann na bláthanna amach sa bhfómhar. Na bláthanna liathchorcra cuach-chruthach le 6 theascán iombhlátha, cónasctha ag a mbun chun feadán 5-20 cm ar fhad a chruthú. Aibíonn an toradh san earrach nuair a thagann na duilleoga amach. Foinse den alcalóideach coilcicín, agus úsáidtear an ceimiceán seo i dtaighde géiniteach chun bac a chur ar scaradh na gcrómasóm i gcilldeighilt.