Crágchoimpléasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, tugtar crágchoimpléasc ar an gcineál coimpléasc a chruthófar má théann liogann ildéadach i dteagmháil le hadamh lárnach, ionas go mbeidh an t-adamh leabaithe istigh i "gcrág" na liogainne. Is é an t-aigéad eitiléindé-aimínteatraicéiteach (an tEDTA) an chomhdhúil chrágach is tábhachtaí. Mar is léir ón ainm, tá ceithre charbocsailghrúpa ann ar féidir leo dul i dteagmháil le hian miotail, cuir i gcás.