Cothromóid Drake

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Dr. Frank Drake

Foirmle mhatamaiticiúil chun an dóchúlacht go bhfuil intleacht eachtardhomhanda ann a mheas, a shaothraigh an réalteolaí Meiriceánach Frank Drake (1930-). Is amhlaidh a leag sé amach roinnt buntairiscintí chun cothromóid Drake a fhorbairt: meastachán ar ráta dóchúil déanta réaltaí inár réaltra féin gach bliain; an céatadán dóchúil de na réaltaí sin a bhfuil pláinéid cosúil leis an Domhan acu; an dóchúlacht go gcruthófar neacha beo ar phláinéad; an dóchúlacht go bhforbróidh beatha intleachtach; an dóchúlacht go ndéanfaidh beatha intleachtach iarracht cumarsáid a dhéanamh le domhain eile. Is suibíochtúil gach ceann de na meastacháin sin, ach mar sin féin, fiú nuair a chuirtear meastacháin fhíorbheaga san áireamh, agus a smaoinítear ar an oiread réaltraí is réaltaí sa Chruinne, tagann dóchúlacht éigin go bhfuil intleacht eachtardhomhanda áit éigin amuigh ansin amach as an gcothromóid. Thosaigh Drake cuardach ar chomharthaí raidió eachtardhomhanda i 1960, cuardach atá á leanúint is á leathnú i láthair na huaire.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cothromóid Drake". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 221.