Cothromóidí Euler-Lagrange

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraith cothromóidí a leagann síos an gaol idir spleáchas fheidhm Lagrange ar luas, am is spás. Ainmnithe as Leonhard Euler is Joseph-Louis Lagrange, agus tugtar cothromóidí Lagrange orthu freisin. Más eol feidhm Lagrange don chóras, is iad cothromóidí Euler-Lagrange cothromóidí gluaisne an chórais sin. Bunúsach san ardmheicnic.