Corda imleacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Corda imleacáin

Corda soladach solúbtha a cheanglaíonn an féatas is ea an corda imleacáin (nó an tsreang shlánaithe), atá ag fás i mamach le placaint (daoine is madraí, mar shampla), leis an bplaicint sa bhroinn. Ar dtús bíonn sé gearr, ach fásann i bhfad de réir mar a fhásann an féatas is an cuas aimníneach (chomh fada le 60 cm sa duine). Ligeann sé don fhéatas snámh go saor i sreabhán aimníneach na broinne, cothú a fháil ón bplacaint, agus fuílligh a dhíbirt sa bhfuil atá ag teacht isteach ann is ag imeacht uaidh i bhfuileadáin an chorda. Díreach tar éis breithe gearrtar é gar do bhalla tosaigh bholg an naíonáin, rud a fhágann colm (an t-imleacán).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Corda imleacáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 173.