Contae Jefferson, Alabama
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is contae in Alabama é Contae Jefferson. Tá sé suite i lárthuaisceart an stáit. Tá an dlús daonra is airde in Alabama (230/km²) ann. Is é Birmingham príomhbhaile an chontae. Sa bhliain 2000 bhí 662,047 daoine ina gcónai ann.
[athraigh] Stair
Bunaíodh Contae Jefferson ar 13 Nollaig 1819. D'eascair ainm an chontae ón uachtarán Thomas Jefferson. Tá sé ag críochantaíocht le Contaetha Blount, Bibb, St. Clair, Shelby, Tuscaloosa, agus Walker. B'iad Carrollsville (ó 1819-21) agus Elyton (ó 1821-73) príomhbhailte an chontae roimh Birmingham.
