Cathair Chonstaintín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léarscáil Chonstantinople Bhiosántaigh

Ba í Cathair Chonstaintín (Constantinople i mBéarla; Gréigis: Κωνσταντινούπολις Konstantinoúpolis nó Κωνσταντινούπολη Konstantinoúpoli; Laidin: Constantinopolis; Tuircis Otamánach: قسطنطینية, Kostantiniyye; Tuircis nua-aimseartha: İstanbul, Eabhrais: קושטא, Kushta) príomhchathair impireacht oirthearach na Róimhe, is é sin la rá, príomhchathair na mBiosántach, na Laidineach (tar éis 1204) agus na nOtamánach (tar éis 1453). Sa bhliain 324 AD athbhunaíodh Biosántiam mar phríomhchathair nua Impireacht na Róimhe ag an Impire Constaintín a hAon, óna bhfuair sí a hainm, agus tiomnaíodh í ar 11 Bealtaine, 330. Sa 12ú haois, bhí an chathair ar an ceann is mó agus is saibhre de cathracha na hEorpa agus bhí an-tionchar aici ar an Chríostaíocht i rith réanna Impireachtaí na Róimhe agus na mBiosántach. Tar éis di a tailte fairsinge a chailiúint, laghdaíodh an Impireacht Bhiosántach go léir lasmuigh den phríomhchathair agus na dúiche máguaird, agus faoi dheireadh thit sí agus scriosadh í ag na hOtamánaigh i 1453. Tar éis Concas na Moslamach, d'athraigh lárionad na Críostaíochta san oirthear, Cathair Chonstaintín, agus rinneadh príomhchathair na nIoslamach í (.i. na himpireachta Otamánaí), agus tháinig sí i mbláth arís, mar Istanbul.