Conrad von Gesner

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nádúraí is lia a rugadh i Zürich ab ea Conrad von Gesner (1516-1565). Scoláire iomráiteach san Athbheochan. I measc a shaothar bhí Historia Animalium (Stair na nAinmhithe, 1551-1558) ina ndearna sé iarracht gach a raibh ar eolas ar gach ainmhí a chuimsiú. Bhailigh sé níos mó ná 500 planda nach raibh aon chur síos orthu, agus scríobh ar leighis, mianreolaíocht is fealsúnacht.