Conquistadores

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Conquistador)
Pedro de Valdivia ag gabháil Santiago de Chile.

Focal Spáinnise é conquistador, iolra conquistadores a chiallaíonn "concaire, forghabhálaí". Is gnách an t-ainm seo a thabhairt ar na ceannródaithe Spáinneacha a chloígh na bundúchasaigh san Oileán Úr agus a bhunaigh na chéad choilíneachtaí áit a bhfuil Meiriceá Laidineach inniu.

Is iad na conquistadores is tábhachtaí ná:

  • Diego de Almagro (1475 - 1538). Ghlac sé páirt sa ghabháltas a rinne Francisco Pizarro ar Pheiriú, nó Ríocht na nInceach. Thairis sin, bhí sé ar an gcéad duine de phór na hEorpa a chaith súil ar chósta na Sile. D'éirigh ina chogadh dearg idir é féin agus Pizarro sa deireadh, áfach, nuair a d'fhill sé go Peiriú. Ar dtús, bhí an t-ádh leis, agus rinne sé príosúnaigh de bheirt deartháireacha de chuid Pizarro. Sa deireadh, áfach, fuair lucht leanúna Pizarro an lámh in uachtar ar pháirtí Almagro, agus cuireadh Almagro chun báis.
  • Vasco Núñez de Balboa (1475 - 1519). Ba eisean an chéad Eorpach a thrasnaigh Lár Mheiriceá agus a chaith súil ar an Aigéan Ciúin san Oileán Úr. Bhunaigh sé an chéad choilíneacht in ilchríoch Mheiriceá a raibh marthain nó maireachtáil éigin inti, Santa María la Antigua del Darién. Cosúil le hAlmagro, cuireadh chun báis é sa deireadh - is é an rud a tharla, go bunúsach, ná gur éirigh lena shean-námhaid Pedro Arias de Ávila údaráis na Spáinne a shaighdeadh faoi.
  • Sebastián de Belalcázar (1479/1480? - 1551). Duine de lucht leanúna Pizarro a bhí ann. Sula ndeachaigh sé le Pizarro, áfach, bhí sé tar éis tréimhse mhaith a chaitheamh san Oileán Úr cheana féin. Bhí sé ar an gcéad mhéara ar chathair León i Nicearagua. Chuidigh sé le Pizarro troid a chur ar na bundúchasaigh i bPeiriú, agus ina dhiaidh sin, chrom sé ar Eacuadór a ghabháil don Spáinn.
  • Álvar Núñez Cabeza de Vaca (1490?/1507? - 1557?/1559?). Chuaigh seisean agus trúpa mór de shaighdiúirí Spáinneacha i dtír in aice le Bá Tampa i bhFlorida sa bhliain 1528. Streachail siad a mbealach i dtreo Mheicsiceo, áit a raibh cónaí ar Spáinnigh san am seo cheana féin, ach idir an dá linn, chaith siad tréimhsí fada i mbraighdeanas ag na ciníocha bundúchasacha éagsúla. Níor tháinig ach Cabeza de Vaca féin agus cúpla Spáinneach eile slán as an exodus seo. Ach in ainneoin an chruatain a d'fhulaing sé i measc na mbundúchasach, d'éirigh sé mór le cuid acu agus d'fhoghlaim sé teangacha áitiúla. Nuair a d'fhill sé go dtí an Spáinn, d'fhéadfá a rá go raibh ciall an antraipeolaí aige do na bundúchasaigh. Scríobh sé tuairisc shuimiúil do Rí na Spáinne inar thug sé cur síos ar a chuid eachtraí.
  • Hernán Cortés (1485 - 1547). Ba é Cortés a chloígh na hAstacaigh i Meicsiceo agus a bhunaigh coilíneacht na Nua-Spáinne (Nueva España) ansin. Phós sé bean bhundúchasach a bhfuil aithne uirthi mar Malintzín, Marina nó La Malinche.
  • Bernal Díaz del Castillo (1492 - 1585). Ghlac sé páirt i bhfeachtas míleata Hernán Cortés in aghaidh na nAstacach, agus scríobh sé leabhar staire faoin bhfeachtas, Historia verdadera de la conquista de la Nueva España ("Fíorstair an Ghabháltais ar an Nua-Spáinn"). Inniu, tá an "Fhíorstair" seo ar ceann de na foinsí is tábhachtaí ag lucht na staraíochta.
  • Pánfilo de Narváez (1478 - 1528). Chuaigh Hernán Cortés ag gabháil Mheicsiceo i ndiúnas ar ghobharnóir Chúba, Diego Velázquez. Ansin, d'ordaigh Velázquez do Pánfilo de Narváez dul go Meicsiceo i gceannas ar fhórsa sluaíochta eile le Cortés a stopadh. Fuair Cortés an lámh in uachtar ar fhórsa sluaíochta Narváez, áfach. Níos déanaí, chuaigh Narváez ag déanamh taiscéalaíochta i bhFlorida, ach fuair sé bás ansin.
  • Francisco de Orellana (1511 - 1546). Ba eisean an chéad Eorpach a rinne taighde agus taiscéalaíocht timpeall Abhainn na hAmasóine. É féin a d'ainmnigh an abhainn, leis. Bhunaigh sé coilíneacht i nGuayaquil, arb í an chathair is mó daonra in Eacuadór inniu.
  • Juan Ponce de León. Ghlac sé páirt sa dara turas a thug Colambas ar an Oileán Úr. Chloígh sé éirí amach na mbundúchasach in Oileáin na hEaspainneola, agus chaith sé tréimhse ina mhórfheirmeoir san oileán. Ní raibh sé sásta leis an saol socair suaimhneach sin, áfach, nó chuaigh sé go dtí Portó Ríce ar lorg óir sa deireadh. Bhunaigh sé an chéad choilíneacht Spáinneach san oileán sin agus bhailigh sé cuid mhaith óir. Bhronn rí na Spáinne gobharnóireacht Phortó Ríce air, agus shocraigh sé síos san oileán. Sna blianta ina dhiaidh sin, áfach, bhí seisean agus Diego Colón, mac Cholambais, go minic in adharca a chéile, nó theastaigh ó Diego ruaigeadh a chur ar Ponce de León agus gobharnóir dá chuid féin a chur i gceannas ar an oileán. Bhí Diego ina Fhear Ionaid ag Rí na Spáinne san Oileán Úr, agus mar sin, fear chumhachtach a bhí ann. Sa deireadh, thuirsigh Ponce de León de bheith ag sáraíocht le Diego Colón, agus chuaigh sé ag taiscéalaíocht arís. Thug sé cúpla cuairt ar Florida, agus glactar leis go coitianta go raibh sé ar an gcéad duine de phór na hEorpa a chuir cos ar thalamh na leithinise sin. Thug sé turas i ndiaidh turas ar Florida, agus an-taitneamh tugtha aige don réigiún, ach ar an gceann deireanach de na turais seo, bhuail saighead nimhe de chuid na mbundúchasach é, agus shíothlaigh sé i gCúba go gairid ina dhiaidh sin.