Conall Gulbán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba mhac le Niall Naoighiallach é Conall Gulbán. Bhí sé ina rí ar Thír Chonaill- b'é a thug an t-ainm don cheantar sin ar a dtugtar Dún na nGall air anois. Ba dheartháir é le Eoghan, a thug a ainm do chontae Thír Eoghain. B'é an chéad duine uasal a bhaistigh Naomh Pádraig.

Maraíodh é ag Mágh Slecht (Co. an Chábháin) sa bhliain 464. Deirtear go bhfuair Eoghan bás le huaigneas nuair a chuala sé faoi bhás a dhearthár. Cuireadh Conall Gulbán i bhFíonach, Co. Liatroime.

B'Iad Fergus Cendfota agus Éanna Bogaine a bheirt mhac. Glaotar 'Cinél Chonaill' ar shliocht Chonaill. Ba de shliocht Chonaill Naomh Chomcille, Clann Uí Dhochartaigh, Clan uí Ghallchóir, Clann Uí Dhomhnaill, Clann Uí Bhaoill agus mórán clannta eile.


Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.