Commentarii de Bello Gallico

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Eagrán de chuid na bliana 1783.

Is éard is Commentarii de Bello Gallico (Gaeilge: Cuntais ar Chogadh na nGallach ) ann ná tráchtaireacht de chuid an impire Iúil Caesar, bunaithe ar a thaithí phearsanta ar Chogaidh na nGallach, agus bhí sé scríofa aige mar insint ag an triú duine. San obair seo, tugann Caesar cuntais dúinn , an ceann is cáiliúla dá chuid, ar na chathanna agus na chaimiléireachtí a bhí ar siúl, sna naoi mbliana a chaith sé ag troid in aghaidh arm logánta sa Ghaill, fórsaí a throid i gcoinne forlámha

s na Rómhánach. Tagraíonn Caesar, uaireanta, don Ghaill ina hiomlán, ach amháin an chúige Rómhánach Gallia Narbonensis (Provence an lae inniu), a chuimsíonn an chuid eile den Fhrainc , den Bheilg agus roinnt den Eilvéis. Ar ócáidí eile, tagraíonn sé don chríoch ina raibh pobail Cheilteacha ina gcónaí ann, iad siúd ar a thug na Rómhánaigh Gaill orthu, ó Mhuir nIocht go dtí Lugdunum (Lyon).