Comhtholgadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtComhtholgadh
Aitheantóirí
MeSHD001924
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/concussion
Téarmaíocht anatamaíoch


Is éard atá i gceist le comhtholgadh ná staid inchúlaithe neamhaireachtála a fhéadfaidh tarlú díreach i ndiaidh buille trom don cheann, ach a leanann níos faide ná an tráma féin.

Nuair a thagann duine chuige féin bíonn a chuimhne ar an taisme lagaithe, agus ar ar tharla roimhe sin freisin b'fhéidir (aimnéise aisiompaithe). Ní bhíonn damáiste garbh déanta don inchinn, ach anois is arís damáiste inchúlaithe do néaróin.

Comharthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir go bhfuil comhtholgadh ar dhuine má bhíonn ceann amháin nó níos mó ná ceann amháin de na leideanna sofheicthe seo a leanas ann:[1]

  • Cailliúint comhfheasa nó neamhfhreagúlacht
  • An duine ina luí ar an talamh gan bogadh / go mall ag éirí
  • Neamhshocair ar na cosa / fadhbanna le cothromaíocht nó ag titim / neamh-chomhordú
  • Greim láimhe á bhreith ar an chloigeann
  • Stánadh folamh nó dreach marbh a bheith ar an duine
  • Mearbhall a bheith ar an duine / gan iad a bheith eolach ar chúrsaí imeartha.[1]
101 le Dr Mike
gortú inchinne agus leanaí [2]

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé tábhachtach, d’imreoirí agus d’oiliúnóirí, comharthaí agus rioscaí an chomtholgtha a bheith ar eolas ag gach éinne agus lán chomh tábhachtach daoine óga a bhfuil comharthaí an chomhtholgtha orthu a bhaint den láthair imeartha go dtí go mbeidh biseach orthu.[1] Nuair a bhuailtear duine de na himreoirí nó má thaispeánann siad comharthaí an chomhtholgtha bainim den chluiche iad láithreach bonn.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 ccea.org.uk. "Comhtholgadh". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-12-19. Dáta rochtana: 2022.
  2. "Video Text Alternative: Traumatic Brain Injury (TBI) in Kids" (en). https://www.nichd.nih.gov/. Dáta rochtana: 2022-10-19.
  3. Hussey, Matt (2011). "Comhtholgadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 167.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]