Comhluadar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaComhluadar

Ba eagraíocht Ghaeilge í Comhluadar Teoranta a bunaíodh sa bhliain 1993. Thug Comhluadar tacaíocht agus comhairle do thuismitheoirí ar mhian leo a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge.

Sa bhliain 1993, tháinig grúpa tuismitheoirí (ochtar) le chéile agus iad ag iarraidh gréasán a bhunú le teaghlaigh eile le Gaeilge, go príomha taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta. Bhí Muireann Ní Mhoráin, atá anois ina Príomhfheidhmeannach ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ina céad Chathaoirleach ar an eagraíocht.

Na spriocanna a bhí leagtha amach acu ón tús ná: teaghlaigh a bhí ag úsáid na Gaeilge mar theanga bhaile a chur in aithne dá chéile, imeachtaí sóisialta, oideachasúla a eagrú do pháistí, seirbhísí eolais agus comhairleachán a chur ar fáil do bhaill na heagraíochta i dtaobh an tumoideachais, an tsealbhaithe teanga, an dátheangachais, cearta teanga agus seirbhísí a éileamh ar son baill na heagraíochta.

Chaill an eagraíocht an maoiniú a d'fhaigheadh sí ó Fhoras na Gaeilge. Sa deireadh baineadh an comhlacht de Chlár na gCuideachtaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]