Comhlánú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhlánú

Sa ghéinitic, próiseas inar féidir le dhá ghéin chúlaitheacha scoite ag lócais dhifriúla ar chrómasóm easpa a chéile a sholáthar. Sa chás sin tagann an indibhid a iompraíonn an dá ghéin sin (ar heitrisiogót dúbailte í) i láthair mar dhuine normálta ó thaobh feinitíopa de. Mar shampla, is féidir le beirt abhac pósadh agus páistí normálta a bheith acu má bhíonn a n-easpaí géiniteacha ag lócais dhifriúla.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Comhlánú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 165.