Comhghuaillíocht an Athleasaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is Comhghuaillíocht an Athleasaithe (Béarla: Reform Alliance) ann ná grúpa polaitiúil Éireannach a bunaíodh ar an 13 Meán Fómhair, 2013. Daoine a díbríodh as Fine Gael de bharr gur vótáil siad i gcoinne aoire an pháirtí a bhí iontu. Rinne siad cur síos ar an ngrúpa mar 'chomhghuaillíocht scaoilte' ach dúradar nach bhféadfaí páirtí a chur as an áireamh.