Comhdháil Pugwash

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraith comhdhálacha ag eolaithe a bhí buartha faoi bhagairt na n-arm núicléach. Tionóladh an chéad ceann i bPugwash in Albain Nua Cheanada i 1957, go mór faoi anáil Bertrand Russell. Ag comhdháil 1963 thug na Stáit Aontaithe eolas don Aontas Sóivéadach ar na córais sábháilteachta d'airm núicléacha, mar chéim ar aghaidh chun srianadh a chur ar na hairm sin. Joseph Rotblat a bhí ina uachtarán ar na comhdhálacha thar bhlianta fada.