Comhaontú Sunningdale

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhi i gComhaontú Sunningdale ná iarracht rialtas cumhachtroinnte a chur ar bun i dTuaisceart Éireann agus deireadh a chur leis na Trioblóidí.

Sa bhliain 1973, i ndiaidh fhoilsiú na tuairisce sainiúla faoi chúrsaí an Tuaiscirt ar tugadh an Páipéar Bán uirthi, cuireadh an chéad bhun le Tionól Thuaisceart Éireann, is é sin, parlaimint nua an stáitín. Bhí an chéad toghchán ar an 28 Meitheamh 1973. I Mí Dheireadh Fómhair, tháinig páirtithe measartha Náisiúnaíocha agus Aontachtacha le chéile in éineacht le hionadaithe Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Rialtas Phoblacht na hÉireann le haghaidh comhchainteanna. B'é Comhaontú Sunningdale ba toradh do na comhchainteanna seo. Bhí an doiciméad seo dírithe ar cheist an Tuaiscirt a shocrú gan teorainn an stáitín a athrú ná a chur ar ceal, ach san am céanna, thug sé aitheantas don "diminsiún Éireannach" a bhí ag baint leis an gceist, is é sin, d'admhaigh an Comhaontú gur dhual do rialtas na Poblachta agus do mhuintir na Poblachta spéis a bheith acu i gcúrsaí agus i síocháin an Tuaiscirt. Bhí forálacha sa Chomhaontú le haghaidh na "cumhachtroinnte" idir na Náisiúnaithe agus na hAontachtóirí agus le haghaidh bhunú "Chomhairle na hÉireann" chun comhoibriú trasteorann a spreagadh. Nuair a bhí Comhaontú Aoine an Chéasta sínithe sa bhliain 1998, thug Séamus Mallon, polaiteoirí de chuid Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, gur "Sunningdale dóibh siúd a bhíonn mall ag foghlaim" a bhí i gceist le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Ní raibh na hAontachtóirí ar aon fhocal faoi Chomhaontú Sunningdale, agus bhí an tIRA ag cur in aghaidh an chomhaontaithe chomh maith, ó nach mbrisfeadh an comhaontú sin an nasc leis an Ríocht Aontaithe. Bhí cuid mhaith de na hAontachtóirí míshásta le prionsabal na cumhachtroinnte freisin, ó bhí siad barúlach nach raibh sé indéanta cumhacht a roinnt leo siúd (na Náisiúnaithe) a bhí ag iarraidh an stát a dhíothú. Ní ba tábhachtaí fós, b'fhéidir, bhí na hAontachtóirí ag cur i gcoinne an Diminsiúin Éireannaigh agus Chomhairle na hÉireann, ó bhí siad den tuairim nach mbeadh sa Chomhairle sin ach an chéad síol le parlaimint uile-Éireann. Nuair a dúirt Hugh Logue, Comhairleoir de chuid Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre, lena lucht éisteachta i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, gur gléas ab ea é Comhaontú Sunningdale leis na hAontachtóirí a bhréagadh isteach in Éirinn Aontaithe, ní raibh dóchas as na hAontachtóirí a thuilleadh a dtoiliú a thabhairt don Chomhaontú.

I Mí Eanáir 1974, chaill Brian Faulkner ceannaireacht an Pháirtí Aontachtaigh, agus tháinig Harry West ina áit. Sa chéad mhí eile, bhí seans ag an gcuid de na hAontachtóirí nach raibh sásta glacadh le Comhaontú Sunningdale, bhí seans acu an comhaontú a chur ar vóta i measc na nAontachtóirí. Chuaigh siad sna toghcháin faoin mana Dublin is only a Sunningdale away, is é sin, bhí siad ag tabhairt le fios gurbh ionann go prionsabalta comhaontú Sunningdale agus athaontú na hÉireann. Rug siad an chraobh leo go gleoite, nó fuair siad 11 cheann de na 12 shuíochán agus 58% de na vótaí.

Sa deireadh thiar thall, áfach, b'iad na Dílseoirí - Cumann Cosanta Uladh ach go háirithe, a raibh 20,000 duine ina mbaill de san am - agus an lucht oibre Protastúnach a chuir comhaontú Sunningdale ar ceal. Tháinig siad le chéile faoi bhratach Chomhairle Oibrithe Uladh. D'eagraigh an Chomhairle seo stailc ghinearálta, nó Stailc na Comhairle Oibrithe. Chuir Stailc na Comhairle stop le gach gníomhaireacht ghnó sa Tuaisceart, agus bhain sé bunseirbhísí cosúil le soláthar an uisce agus an leictreachais de mhuintir an stáitín. Deir na Náisiúnaithe nach ndearna rialtas na Ríochta Aontaithe a ndicheall leis an stailc a bhriseadh agus tionscnamh Sunningdale a chosaint. Mar a d'iompaigh na cúrsaí amach, áfach, fuair an chuid de na hAontachtóirí a bhí i bhfabhar leis an gcomhaontú nach raibh de shracadh iontu freasúra chomh daingean sin a chloí. Mar sin, thit an tóin as an rialtas cumhachtroinnte.

Naisc[athraigh | edit source]