Comhairle Trento

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtComhairle Trento
Íomhá
Cineálsionad Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse1545 - 21 Feabhra 1563
Rannpháirtí


An Chomhairle, san Eaglais Santa Maria Maggiore, Trento.

Is éard a bhí i gceist le Comhairle Trento (Laidin: Concilium Tridentinum) ná Comhairle Éacúiméineach na hEaglaise Chaitliceach Rómhánach sa 16ú céad.

Rinneadh an Chomhairle a ghairm in Trento, ón 3 Nollaig 1545 go dtí an 4 Nollaig, 1563, le fiche cúig sheisiún roinnte i dtrí chuid. An aidhm a bhí leis na cruinnithe ná leasú a dhéanamh ar an Eaglais Chaitliceach. Glactar leis gurbh í ceann de na Comhairlí ba thábhachtaí a bhí ag an Eaglais.[1]

An Breithiúnas Deireanach le Michelangelo, 1536 - 1541

Mór-chomhairle leasaithe ba ea Comhairle Trento, a chur tús leis an Fhrith-Reifirméaisin,[2] agus sainmhíníodh cuid den teagasc na hEaglaise.

Cuireadh cosc iomlán, nach mór, ar fhíoracha nochta san ealaín dhiaga. Mar shampla, cáineadh An Breithiúnas Deireanach le Michelangelo nuair a críochnaíodh é sa bhliain 1541 agus is in olcas a chuaigh an scéal le himeacht aimsire.[3] Maidir leis na fíoracha nochta, tháinig méadú leanúnach ar lucht a gcáinte. Faoi dheireadh, rinneadh ‘leasú’ ar an fhreascó ollmhór de réir an pholasaí nua maidir leis an ealaín a aontaíodh ag Comhairle Trento.

D'eisigh an Chomhairle cáineadh chomh maith ar eiriceacht de chuid na bProtastúnach.

I ndiaidh Comhairle na hEaglaise i Trent, chuir An Róimh an-mhuinín sna hÍosánaigh agus sna Caipisínigh leis an fhrith-refirméisean a chur i bhfeidhm.[4]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An frithreifirméisean Flashcards | Chegg.com". www.chegg.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-12-13. Dáta rochtana: 2021-12-13.
  2. "Counter-Reformation" (as en) (2021-11-30). Wikipedia. 
  3. forasnagaeilge.ie. "CAIBIDIL 28 MICHELANGELO – PÉINTÉIR". Dáta rochtana: 2021.
  4. Eoghan Ó hAnnracháin (Eanáir 2014). "Caipisínigh Éireannacha agus Gaeil eile i Sedan" Irisleabhar Mhá Nuad 2014 (Leathanach: 195-218).