Colm Tóibín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Tóibín

(2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith30 Bealtaine 1955
68 bliana d'aois
Inis Córthaidh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Pheadair, Loch Garman Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheContae Loch Garman
Gníomhaíocht
Réimse oibreIriseoireacht, aiste, drámaíocht, gníomhaíocht liteartha, prós agus filíocht
Gairmfile, múinteoir, scríbhneoir aistí, gearrscéalaí, scríbhneoir, léirmheastóir liteartha, iriseoir, drámadóir, úrscéalaí, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
4 Eanáir 2021Dialogue for Catalonia (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

Suíomh gréasáincolmtoibin.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1460386 Allocine: 573686 Allmovie: p390943 IBDB: 493969 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéalaí Éireannach is ea Colm Tóibín (a saolaíodh ar 30 Bealtaine, 1955 in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Colm céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath i 1975. Díreach tar éis bhronnadh na céime, d’imigh sé leis go Barcelona. Ba chuid den spreagadh don chéad úrscéal a scríobh sé, The South (1990), an tréimhse a chaith sé sa chathair Spáinneach sin, agus go mór mhór, don leabhar faisnéiseach a scríobh sé, Homage to Barcelona (1990).

Tar éis dó filleadh ar Éirinn i 1978, thosaigh sé ag staidéar do chéim Mháistreachta. Níor sheol sé an tráchtas ar aghaidh riamh agus d’fhág sé an saol acadúil, den cuid is mó, chun slí bheatha a bhaint amach mar iriseoir. Ba thréimhse an-bhríomhar í tús na n-ochtóidí i gcúrsaí iriseoireachta in Éirinn nuair a bhí an iris mhíosúil cúrsaí reatha, Magill, i mbarr a réime. Ceapadh Tóibín mar eagarthóir i 1982, cúram ar lean sé leis go dtí 1985.

Ba é an tarna húrscéal a scríobh sé ná The Heather Blazing (1992), agus lean sé sin leis na húrscéalta The Story of the Night (1996) agus The Blackwater Lightship (1999). Ba chuntas ficsin ar thréimhsí de bheatha an úrscéalaí Henry James an cúigiú húrscéal a scríobh sé, The Master (2004).

Tá leabhair neamhfhicseanúla eile scríofa aige: Bad Blood: A Walk along the Irish Border (1994, athchlóbhuailte ón chéad eagrán i 1987), The Sign of the Cross: Travels in Catholic Europe (1994) agus "The Irish Famine" (1999). Tá dráma scríofa aige a léiríodh ar stáitse i mBÁC mí Lúnasa 2004, Beauty in a Broken Place.

Tá sé ag obair leis mar iriseoir, in Éirinn agus thar lear. Chomh maith leis sin, tá clú agus cáil bainte amach aige mar léirmheastóir liteartha: tá eagarthóireacht déanta aige ar leabhar faoi Paul Durcan, The Kilfenora Teaboy (1997); The Penguin Book of Irish Fiction (1999) agus scríobh sé The Modern Library: The 200 Best Novels in English since 1950 (1999) i dteannta Carmen Callil; bailiúchán d’aistí, Love in a Dark Time: Gay Lives from Wilde to Almodovar (2002); agus staidéar ar Lady Gregory, Lady Gregory’s Toothbrush (2002).

Is ball d’Aosdána é. Roghnaíodh é ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024.

Téamaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn roinnt buntéamaí éagsúla á n-iniúchadh aige ina chuid saothar: Léiriú ar an tsochaí Éireannach, ag maireachtáil thar lear; an próiseas cruthaíochta agus caomhnú na féiniúlachta pearsanta, ag díriú go mórmhór ar fhéiniúlachtaí homaighnéasacha, ach i gcomhthéacs na cailliúna.

Úrscéalta Loch Garman: Tarraingíonn Colm ar Inis Córthaidh, an baile inar saolaíodh é, mar shuíomh tacábhair scéalaíochta, mar aon le stair na hÉireann agus bás a athar nuair a bhí sé an-óg, sna húrscéalta The Heather Blazing agus The Blackwater Lightship. Tá cuntas beathaisnéiseach agus machnamh ar an dtréimhse seo le fáil sa leabhar neamhfhicseanúil The Sign of the Cross.

Úrscéalta faoi mhaireachtáil thar lear: Tá dhá úrscéal eile, The Story of the Night agus The Master, bunaithe ar charactair gur gá dóibh déileáil le féiniúlacht homaighnéasach, agus atá lonnaithe taobh amuigh d’Éirinn den chuid is mó, agus le carachtair gur gá dóibh dul i ngleic le cónaí thar lear.

Tá rian den dá théama thuasluaite le feiscint ina chéad úrscéal The South. Is féidir glacadh leis, i dteannta leis an úrscéal The Heather Blazing, mar léiriú ar na hoidhreachtaí Caitliceacha agus Protastúnacha i gCo. Loch Garman, nó is féidir é a ghrúpáil leis na ‘húrscéalta faoi mhaireachtáil thar lear’.

Is é an tríú snath a cheanglaíonn The South agus The Heather Blazing ná cruthaíocht; sa chéad áit le péintéireacht agus sa tarna háit le foclaíocht chúramach bhreithiúnas an bhreithimh. Ba é an buaicphointe ar an dtríú téama seo ná an staidéar ar fhéiniúlacht agus chruthaíocht sa saothar The Master, a leanann saothar neamhfhicseanúil eile níos luaithe, Love in a Dark Place.

A shaothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Walking Along the Border (1987)
  • Martyrs and Metaphors (1987)
  • The Trials of the Generals: Selected Journalism (1990)
  • The South (1990)
  • Homage to Barcelona (1990)
  • Dubliners (1990)
  • The Heather Blazing (1992)
  • Bad Blood: A Walk Along the Irish Border (1994)
  • The Sign of the Cross: Travels in Catholic Europe (1994)
  • The Guinness Book of Ireland (1995) (ed.)
  • The Story of the Night (1996)
  • The Kilfenora Teaboy: A Study of Paul Durcan (1996) (ed.)
  • The Modern Library: The Two Hundred Best Novels in English Since 1950 (1999) (with Carmel Callil)
  • The Blackwater Lightship (1999)
  • The Penguin Book of Irish Fiction (1999) (ed.)
  • Love in a Dark Time: Gay Lives From Wilde to Almodovar (2002)
  • Lady Gregory's Toothbrush (2002)
  • The Master (2004)
  • Mothers and Sons (2006)
  • Brooklyn (2009)
  • The Empty Family (2010)
  • The Testament of Mary (2012)
  • Nora Webster, Scribner (2014)
  • The House of Names, (2017)
  • The Magician (2021)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]