Colm Breathnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaColm Breathnach
Beathaisnéis
Breith1961
62/63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

File Corcaíoch is ea Colm Breathnach (1961-).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair, Contae Chorcaí agus i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Bronnadh céim MA Ghaeilge air nuair a scríobh sé tráchtas ar shaothar an fhile Liam S. Gógan. Chaith sé seal ag obair ar Fhoclóir na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, ansin chuaigh sé isteach sa Choiste Téarmaíochta sa Roinn Oideachais. Sa bhliain 1997, tar éis dó aon bhliain déag a chaitheamh ina phost mar théarmeolaí, fuair sé post eile i Rannóg an Aistriúcháin, Teach Laighean.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Cantaic an Bhalbháin (BÁC: Coiscéim, 1991);
  • An Fearann Breac (BÁC: Coiscéim, 1992);
  • Scáthach (BÁC: Coiscéim, 1994);
  • Croí agus Carraig (BÁC: Coiscéim, 1995).
  • An Fear Marbh (Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1998);
  • Chiaroscuro (BÁC: Coiscéim, 2006)
  • Dánta agus Dánta Eile (BÁC Coischéim 2012)

D'aistrigh Colm Breathnach agus an Dr. Andrea Nic Thaidhg an t-úrscéal Katz und Maus le Günter Grass mar Cat agus Luch (BÁC: Coiscéim, 2000) agus sa bhliain 2001 rinne sé aistriúchán Gaeilge ar léacht Nobel Grass faoin teideal 'Leanfar De…' in eagrán trítheangaigh (Gearmáinis, Gaeilge agus Béarla) a chuir Cumann Aistritheoirí agus Teangairí na hÉireann amach.

Duaiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhuaigh Cantaic an Bhalbháin Duais Bhardas Chorcaí i gcomórtas an Oireachtais sa bhliain 1991. Bhuaigh Scáthach agus Croí agus Carraig an Phríomhdhuais don Fhilíocht san Oireachtas sna blianta 1994 agus 1995. Fuair An Fear Marbh aitheantas i gComórtas Filíochta Chló Iar-Chonnachta sa bhliain 1997. Sa bhliain 2006, bhuaigh Chiaroscuro duais aitheantais san Oireachtas. Bhronn an Foras Cultúrtha Gael-Mheirceánach duais an Bhuitléirigh air sa bhliain 1999.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá aistriúchán Rómáinise de An Fear Marbh foilsithe ag Ars Longa Barbatul fara viaa (Iasi:1999). Is iomaí díolaim a bhfuil saothar leis iontu, mar shampla Keltische liebesgedichte (leagan Gearmáinise) agus Bolirà La Rugiada (leagan Iodáilise). Tá leaganacha dá dhánta ar fáil i nGaeilge na hAlban, i mBéarla agus i bhFraincis freisin. Tá Breathnach luaite san Encyclopaedia of Ireland.