Collaigin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Collaiginí)
WD Bosca Sonraí AnatamaíochtCollaigin
Aitheantóirí
MeSHD003094
FMA63891 : il-aiseachordlathach
Acmhainní seachtracha
EB Onlinescience/collagen
Téarmaíocht anatamaíoch
Móilín trópachollaigine:nascann trí trópachollaigin ar an láimh chlé (dearg, glas, gorm) chun trópachollaigin héiliceach triarach deisil a chruthú.

Is éard is collaigin ann ná an phríomhphróitéin struchtúrtha sa mhaitrís eachtarcheallach a fhaightear i bhfíocháin tacaíochta éagsúla na colainne. Mar an phríomh-chomhpháirt den fhíochán tacaíochta, is í an phróitéin is flúirsí i mamaigh í, agus comhdhéanann sí ó 25% go 35% den mhéid próitéine sa cholainn iomlán. Aimínaigéid atá ceangailte le chéile chun héilics thriarach d'fhibril fadaithe ar a dtugtar héilics collaigine. Faightear í den chuid is mó i bhfíochán tacaíochta amhail loingeáin, cnámha, teannáin, ballnaisc, agus craicne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Collaiginí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 161.