Colla mac Fearghasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Colla mac Fergusso)
Infotaula de personaColla mac Fearghasa
Beathaisnéis
Bás796 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
AthairFearghas mac Ceallaigh

Rí na gConnacht, b'fhéidir, de chlann Uí Bhriúin ba ea Colla mac Fearghasa (Sean-Ghaeilge Colla mac Fergusso) (bás 796). Fearghas Mac Ceallaigh (died 756), iar-rí, ba ea a athair.[1] Síol Cheallaigh as Loch Cime ba ea a mhuintir, ainmnithe as a sheanathair, Ceallach mac Rogallaigh (bás 705).

Cé nach bhfeictear Colla sna ríliostaí amhail is Leabhar Laighneach, tugtar an teideal rí dó ina thásc i nAnnála Inis Faithlinn.[2][3] Deirtear i nAnnála Uladh, ámh, gur éirigh Muiris mac Tomaltaigh (bás 815) ina rí tar éis dó Cináed mac Artgail (bás 792) a chloí i gCath Sruth Cluana Argai (Cluain Argaí, Ros Comáin) sa bhliain 792.[4] Ina thásc sna hannála úd, tugtar an teideal rí Uí Bhriúin do Cholla.[5]

An rí deireanach de Shíol Cheallaigh ba ea Colla. Níos deireanaí, chuir Uí Bhriúin Seola an ruaig orthu as an gceantar.[6]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Byrne, Tábla 20
  2. Annála Inis Faithlinn, AI 796.3
  3. Byrne, lch. 251
  4. Annála Uladh, AU 792.2
  5. AU 796.5
  6. Byrne, lch. 348.