Colaimbín

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda ilbhliantúil atá dúchasach don Eoraip, tuaisceart na hAfraice is an Áise. Na duilleoga roinnte i 3 theascán, gach ceann roinnte i 3 cinn arís. Na bláthanna gorm, bán go hannamh, 5 pheiteal ar gach ceann agus spor cuartha dírithe ar gcúl le neachtar ann. Cuimsíonn na cineálacha coitianta gairdín hibridí le spoir fhada dhíreacha is bláthanna níos daite.