Coláiste na bhFiann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste na bhFiann
Sonraí
Cineálscoil samhraidh Cuir in eagar ar Wikidata

Is eagraíocht a chuireann cúrsaí samhraidh Gaeltachta ar fáil do dheágóirí le Gaeilge a fhoghlaim é Coláiste na bhFiann.[1]

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an eagraíocht i Ros Muc, Co. na Gaillimhe sa bhliain 1968 le seasca dalta. Thar an daichead bliain tá breis is caoga míle dalta tar éis a bheith ar chúrsa leo. Is éard atá inti ná "an tSeirbhís Náisiúnta is mó don óige tré mheán na Gaeilge". Ciallaíonn sé sin go stiúrann Coláiste na bhFiann ocht "gColáiste Samhraidh" i Ráth Cairn Co. na Mí, Ros Muc Co. na Gaillimh, Sligeach Co. Shligigh, Baile an Uairnigh Co. na Mí, Áth Luain, Contae na hIarmhí, Dún Dealgan, Contae Lú, Naomh Bréanainn Cill Airne Co. Chiarraí agus cúrsa lae i mBaile an Sceilg, Co. Chiarraí.

Úsáideadh struchtúr Choláiste na bhFiann mar theimpléad do roinnt Choláistí Samhraidh eile. Ar maidin bíonn ranganna bunaithe ar an dteanga labhartha agus bíonn imeachtaí éagsúla mar shampla ceol, ealaíon agus spóirt agus bíonn céilithe san oíche. Tá struchtúr traenála ceannasaíochta ag Coláiste na bhFiann a mhúineann forbairt sóisialta, freagracht agus neamhspleáchas do dhaoine óga.

Tá caoga club óige ar a dtugtar Cumann na bhFiann timpeall na tíre a thugann deis do dhaltaí a cuid Gaeilge a chleachtadh i rith na bliana. Bíonn imeachtaí mhóra agus turais as baile eagraithe do dhaltaí na gclubanna seo.

Iarscoláirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Hector Ó hEochagáin, Láithreoir Teilifíse
  • Cynthia Ní Mhurchú, Láithreoir Teilifíse
  • Carrie Crowley, Láithreoir Teilifíse
  • Marian Richardson, RTÉ
  • Louise Ní Chríodáin, RTÉ
  • Ray Yates (Mac Giolla Geata), Aisteoir
  • Ros Lipsett, Mainicín
  • Ré Ó Laighléis, Scríobhneoir
  • Marisa Mackle (Nic an Ghoill), Scríobhneoir
  • Eimear Nic an Bháird, Eagrathóir House & Home
  • Seán Ó Ceallaigh, Gael Linn
  • Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Conradh na Gaeilge
  • Emer De Barra, Oireachtas na Gaeilge
  • Liam Ó Maolaodha, Oireachtas na Gaeilge
  • Lorcán Mac Gabhann, Glór na nGael
  • Daithí Mac Cárthaigh, Conradh na Gaeilge
  • Pádraig Ó Ceithearnaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
  • Muireann Ní Mhóráin, Stiúrthóir, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta
  • Ciarán Mac an Bháird, Fiontar DCU
  • Emer Ní Bhrádaigh, Fiontar DCU
  • Dr. Conchúr Ó Brádaigh, University College Galway
  • Dr. Conchúr Giollagán, University College Galway
  • Gearóid Denvir, UCG & Coláiste Chamuis
  • Mait Ó Brádaigh, Spleodar
  • Ciarán Mac Samhráin, Luas
  • Orla De Búrca, Oifig an Choimisinéara Teanga
  • Caibrini De Barra, Oifigeach Pleanála Teangan na Déise
  • Rónán Ó Caollaí, Stiúrthór, Gravitate
  • Sinéad Nic Niallaigh, Deloitte & Touche
  • Irene Ní Mhuireagáin, Cumarsáid Creative
  • Aisling De Barra-Taaffe, Ógras
  • Niall (Traic) Ó Braonáin, Bainisteoir Sheirbhísí Iar Aire, Coláiste na bhFiann
  • Caitríona Ní Cheallaigh, Cathaoirleach Feidhmitheach, Coláiste na bhFiann

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]