Coláiste Naomh Aloysius, Baile Átha Luain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coláiste Naomh Aloysius)
Bosca Sonraí EagraíochtaColáiste Naomh Aloysius, Baile Átha Luain
Sonraí
Cineálscoil Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1960
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2017 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinstaloysiuscollege.ie →  (2017) Cuir in eagar ar Wikidata

Is meánscoil Bhéarla í Coláiste Naomh Aloysius, suite in Áth Luain, i gContae na hIarmhí, i bPoblacht na hÉireann. Scoil do bhuachaillí atá ann, cé go mbíonn an t-Athchúrsa don Ardteistiméireacht oscailte do chailíní freisin.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Moinsíneoir John McCarthy agus an Dr. Vincent Hanly, Easpag Ail Finn, a bhunaigh an scoil sa bhliain 1960. Tá an coláiste ainmnithe i ndiaidh Aloysius Gonzaga (1568 – 1620), uaslathaí Iodálach in aimsir an Renaissance agus ball de Chumann Íosa a rinne an Pápa Beinidict XIII naomh de sa bhliain 1726.

Ar dtús cuireadh ranganna ar siúl i seomra beag ceangailte d’Amharclann Dean Crowe. Ní ba dhéanaí aistríodh an scoil go suíomh tiomnaithe agus ní ba mhó i mBóthar Páirc na bhFiann, an suíomh céanna ina bhfuil an scoil inniu. Teach Seoirseach a tógadh sa bhliain 1820 atá ann. Ba leor sin do riachtanais na scoile ar feadh i bhfad ach de réir mar a d’fhás líon na ndaltaí, cuireadh seomraí ranganna agus staidéir leis, chomh maith le háiseanna fóillíochta. Theagasc an Dr. Joseph Ducke, údar agus fundúir an Amharclann Passionfruit in Áth Luain, Béarla sa scoil.

Sa bhliain 2010, chuaigh an coláiste i gcomhar leis an gCorparáid Élan i dtionscnamh foghlamtha.[1]

Gradaim agus éachtaí acadúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2014, bhí an coláiste ar na trí scoil a b’fhearr in earnáil na teicneolaíochta ag Taispeántas an Eolaí Óig agus mic léinn Aloysius ag leagan a n-intinn ar áiseanna foinsí oscailte agus an féidir iad a úsáid le córais téacs-go-teanga. Sa bhliain chéanna, bhuaigh foireann triúir ón scoil (Lochlann O'Reagan, Paul Rushe agus Eryk Zaplata) Gradam Fuinnimh Inmharthana SEAI ag SciFest ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "St Aloysius and Elan join in a novel partnership". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Lúnasa 2014. Dáta rochtana: 30 Deireadh Fómhair 2014.
  2. [1] Buaiteoirí SciFest 2014, arna rochtain ar 30-D.F.-14