Coláiste Liam agus Mháire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coláiste Liam agus Mháire
The College of William & Mary

WM seal.jpg
Bunaithe 1693
Uachtarán Gene R. Nichol
Foireann teagaisc 758
Fochéimithe 5,734
Iarchéimithe 1,975
Láthair Williamsburg, Virginia, SAM
Láithreán Gréasáin http://www.wm.edu

Ollscoil phoiblí na n-uasalealaíon (cé go bhfuil an t-ainm stairiúil "Coláiste" uirthi) is ea Coláiste Liam agus Mháire i Virginia (Béarla: The College of William and Mary in Virginia). Tá an Coláiste suite i Williamsburg, cathair stairiúil i gceantar thoir theas Virginia sna Stáit Aontaithe Mheiriceá. Bunaíodh an ollscoil sa bhliain 1692 nuair a bhronn an Rí Liam III agus an Bhanríon Máire II a chairt ríoga air (ag an am sin, bhí Virginia ina chóilíneacht Shasanach). Níor cuireadh tús leis an múinteoireacht go dtí 1697 áfach, mar go raibh ionsaithe na Meiriceánach Dúchasach ar siúl go minic i gceantar Jamestown ag an am sin. Dá bharr sin, cé gurb í Coláiste Liam agus Mháire an chéad ollscoil a bhfuil cairt aici i Meiriceá, is í Ollscoil Harvard an chéad ollscoil a cuireadh i bhfeidhm i Meiriceá (agus is í Coláiste Liam agus Mháire an dara ollscoil is sine i Méiriceá).

Níl aon cheangal ag an ollscoil le creideamh nó reiligiún ar bith.

I measc céimithe na hollscoile, tá:

I measc na ndaoine atá baint acu leis an ollscoil, tá: