Coinneal oíche

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ainm ar raon plandaí cosúla débhliantúla díreacha láidre. Dúchasach do Mheiriceá Thuaidh, ach saothraithe is tugtha chun cineáil i gcuid mhaith tíortha eile. Na duilleoga lansa-chruthach go dtí ubhchruthach. Na bláthanna mór, roinnt ceintiméadar ar trastomhas, tonnadóirchruthach go ginearálta, le 4 sheipeal caol is 4 pheiteal forluiteach buí, cumhra de ghnáth, ag oscailt san oíche. Tairgtear go bhfuil ola coinneal oíche fiúntach chun cóireáil ar neamhoird éagsúla, ach níl aon chrúthú air sin.