Coinneáil Orainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCoinneáil Orainn
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDarach Ó Scolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánÉire, 2006 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánraaoir Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuaigh Coinneáil Orainn, an chéad dráma stáitse leis an scríbhneoir agus ealaíontóir Darach Ó Scolaí, Duais Bháitéir Uí Mhaicín i 2004, agus Gradam BBC NI Stewart Parker i 2006. D'fhoilsigh Leabhar Breac script an dráma i 2005. Is é an chéad cuid den tríológ drámaí Trí Bhraon[1].

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá rúnaí deireanach na Roinne sa tóir ar an mbeirt Ghaeilgeoirí deireanacha, agus tá go maith, nó go dtagann sé orthu! Ach ní mar a síltear bítear. Aor grinn atá sa dráma faoi theanga, bhréaga, mhaorlathas agus deontaisí Gaeltachta, i dtraidisiún Myles na gCopaleen, dar le Norma-Jean Kenny sa Galway Advertizer, ina ndéanann an t-údar tráchtaireacht agus cáineadh gan staonadh ar institiúidí na Gaeilge in Éirinn.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Darach Mac Con Iomaire a léirigh an dráma do Thaibhdhearc na Gaillimhe i 2005. Cuireadh an dráma ar an stáitse sa Taibhdhearc i nGaillimh, in amharclann an Axis i mBaile Átha Cliath, i Ráth Cairn, i nGaoth Dobhair, i dTír an Fhia agus in Árainn. Sna príomhpháirteanna bhí Brídín Nic Dhonncha, Peadar Ó Treasaigh, Donncha Mac Con Iomaire agus Morgan Cooke. Is é Dara Magee a dhearaigh an seit.

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Coinneáil Orainn, Darach Ó Scolaí, Leabhar Breac 2005
  1. "Craos". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 Meán Fómhair 2019. Dáta rochtana: 14 Meán Fómhair 2019.