Coimisiún na Teorann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCoimisiún na Teorann
Sonraí
Cineálcoimisiún Cuir in eagar ar Wikidata
An céad cruinniú den Choimisiún Teorann in Éirinn, 11 Nollaig 1924. Joseph R. Fisher (an dara duine ó chlé); Mr. Justice Feetham (lár); Dr. Eoin MacNeill (an dara duine ó dheis)

Coimisiún rialtais in Éirinn ab ea Coimisiún na Teorann (Irish Boundary Commission), a cuireadh ar bun sa bhliain 1924/1925 chun an teorainn idir Saorstát Éireann agus Tuaisceart Éireann a leagan amach go cruinn. Bunaíodh é de réir na dtéarmaí a bhí leagtha amach sa Chonradh Angla-Éireannach, 1922.

An Chriochdheighilt (líne dhubh)

Críochdheighilt ar Éirinn sa bhliain 1920[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é An tAcht um Rialtas na hÉireann (1920) a rinne críochdheighilt ar Éirinn. Dealaíodh sé chontae - an Dún, Aontroim, Ard Mhacha, Fear Manach, Doire agus Tír Eoghain - ón gcuid eile den tír, chomh maith leis an dá bhuirg úd Béal Feirste agus Doire. Ba é seo uasmhéid an limistéir ina bhféadfadh na hAontachtóirí an tromlach a choinneáil slán, ach san am céanna, fágadh cuid mhaith Caitlicigh i bhFear Manach agus i dTír Eoghain taobh istigh den teorainn.

athrutithe leis an gCoimisiún ach níor glacadh leo

De réir an Achta, bheadh a rialtas féin ag Deisceart Éireann taobh theas, agus rialtas eile ag Tuaisceart Éireann, nó an sé chontae seo.

Conradh Angla-Éireannach, 1922.[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Alt 12 den chonradh sa bhliain 1922, beartaíodh go mbeadh triúr ar an gcoimisiún, duine ón Saorstát, duine ón Tuaisceart agus duine 'neamhspleách' ón mBreatain.

príomh-aire na Breataine, Stanley Baldwin i mbun ag an am

An Coimisiún, 1924-1925[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ón tús, níor thug James Craig, ceannaire Thuaisceart Éireann, aitheantas don choimisiún, agus é ag maíomh nach raibh sé de cheart ag dream ar bith an teorainn a athrú. Dhiúltaigh sé duine a ainmniú ar an gcoimisiún. Ach ainmníodh rialtas na Ríochta Aontaithe - le comhaontú an an tSaorstáit - Joseph R. Fisher, foilsitheoir nuachtán Aontachtach, mar ionadaí do Thuaisceart Éireann. Ainmníodh Eoin Mac Néill mar ionadaí do Shaorstát Éireann. Duine ón Afraic Theas, an Giúistís Richard Freeman, a bhí sa chathaoir, agus é ainmnithe ag an mBreatain.

Bhí foclaíocht Alt 12 doiléir débhríoch, nó ní raibh le léamh ansin ach gur cheart na teorainneacha idir Tuaisceart Éireann agus an chuid eile den tír a dhearbhú de réir mianta na n-áitritheoirí, a fhad is a bheadh sé ag teacht le coinníollacha eacnamaíocha agus tíreolaíocha. Ach ní raibh sé chomh simplí sin, nó bhí aontachtóirí agus náisiúnaithe measctha trí chéile agus ní raibh sé éasca brí a bhaint as na coinníollacha eacnamaíocha. Bhí beirt den triúr ar an gCoimisiún ar aon intinn nár cheart mórán athrú a dhéanamh, agus iad claonta i leith an oiread talaimh agus ab fhéidir a fhágáil faoi réimeas Thuaisceart Éireann. Ní raibh Eoin Mac Néill sásta leis sin, ach ní raibh aige ach vóta amháin as an triúr.

Comhairliúcháin idir-Rialtasacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 7 Samhain 1925 nochtadh tuairisc an choimisiúin sa nuachtán, an Morning Post. Ba léir nárbh fhiú faic na hathruithe a bhí molta.[1]

D'éirigh Mac Néil as , an gCoimisiún ar 20 Samhain, sular foilsíodh go hoifigiúil é níos déanaí.

Thuig ceannairí an tSaorstáit nach bhféadfaí a dhath a dhéanamh faoin tuairisc nuair a d'fhoilseofaí é. Bhí cainteanna idir-rialtasacha ann chun teacht ar réiteach.

An comhaontúː[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig comhaontú forleathan ann ón bpróiseasː[2]

  • D'fhan an teorainn gan athrú.
  • Bhí ar an dá rialtas saorthrádáil a éascú idir an dá thír.
  • I gcás cúrsaí airgeadais, glan an Ríocht Aontaithe fiacha áirithe an tSaotstáit (ach íocfadh Saorstát Éireann cúiteamh mar gheall ar Chogadh na Saoirse).
  • Bhí lucht slándála na Breataine sásta as rochtain a bheith acu ar na calafoirt “Chonartha”.

Faoi dheireadh, níor rinne an Coimisiún ach glacadh gan cheist an comhaontú idir-rialtasach.

Toradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa deireadh, d'fhan an teorainn gan athrú. Teorainn casta atá ann ar go leor bealaí, nó tá bóithre, feirmeacha, sráidbhailte, páirceanna, agus fiú tithe á roinnt aici idir an dá stát.

Tharla conspóid mhór sa Saorstát dá bharr, ag an am agus ó shin. Bhí náisiúnaithe áirithe ag súil leis go mbeadh réimsí móra de Thír Eoghain, Ard Mhacha agus Fear Manach á gcur leis an Saorstát, chomh maith le cathair Dhoire.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. cogg.ie. "Saorstát Éireann & 30 Éamon de Valera & Fianna Fái". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-21. Dáta rochtana: 2021.
  2. ccea.org.uk. "Ábhair Shamplacha Mheasúnaithe GCE CCEAː Stair". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-22. Dáta rochtana: 2021.