Coimhdeacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coimhdeacht agus Comhréireacht[athraigh | edit source]

Is prionsabail bhunúsacha iad an choimhdeacht agus an chomhréireacht a rialaíonn dlí na hEorpa. Is éard atá i gceist le coimhdeacht ná nach ceadmhach don Aontas dlí a dhéanamh ach amháin sa chás nár leor gníomh na mballstát aonair. Tá prionsabal na coimhdeachta ceaptha a chinntiú go nglactar cinntí chomh gar agus is féidir don saoránach agus go ndéantar seiceáil sheasta féachaint an bhfuil údar maith le gníomh ar leibhéal an Chomhphobail i bhfianaise na bhféidearthachtaí a bhíonn ar fáil ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Go sonrach, is é an prionsabal é nach nglacann an tAontas gníomh (ach amháin i réimsí a bhíonn laistigh dá inniúlacht eisiach) mura mbeadh sé níos éifeachtaí ná gníomh a ghlacfaí ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil. Tá nasc dlúth aige sin le prionsabail na comhréireachta, a deir nár chóir d’aon ghníomh arna dhéanamh ag an Aontas dul thar a mbíonn riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. Ba chuid lárnach an coincheap agus na cainteanna ar Chonradh Maastricht ar bun chun stop a chur leis an gclaonadh chun feidearálachais agus chun lárnaithe a bhí ag cuid de na ballstáit. Bhain Rialtas Shasana leas as coincheap na coimhdeachta chun eite dheis na gCaomhach a shuaimhniú le linn na ndíospóireachtaí fada déanach san oíche agus Conradh Maastricht ag dul trí Westminister.

Coimhdeacht sna Conarthaí[athraigh | edit source]

Ní léir cad is brí le coimhdeacht. Tá an fhoclaíocht soiléir ar a laghad in Airteagal 5 de Leagan Comhdhlúite an Chonartha ag Bunú an Chomhphobail Eorpaigh (sean-Airteagal 3b CCE):- “Airteagal 5 “Gníomhóidh an Comhphobal faoi theorainn na gcumhachtaí a thugtar dó sa Chonradh seo agus na gcuspóirí a shanntar dó ann. I réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ní ghníomhóidh an Comhphobal, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur féidir, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta arna beartú, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail. “Ní rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Chomhphobail thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha seo a bhaint amach.”


Coimhdeacht agus Inniúlacht[athraigh | edit source]

Tabhair faoi deara nach mbaineann prionsabal na coimhdeacht ach le “réimsí nach dtig [faoi] inniúlacht eisiach [an Aontais Eorpaigh]”. Tá an Coimisiún den tuairim, mar shampla, go dtagann réimse faoin inniúlacht eisiach an Aontais má fhorchuireann na Conarthaí dualgas ar an Aontas gníomhú ina thaobh sa mhéid is go bhfuil freagracht eisiach air an tasc a chur i bhfeidhm, ina measc: saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil; Iomaíocht; An Beartas Coiteann Talmhaíochta; An Beartas Coiteann Tráchtáil; caomhnú coiteann an iascaigh agus beartas coiteann iompair, m.sh. Sna limistéir go bhfuil inniúlacht ag an Aontais agus ag na ballstáit ar aon tagann prionsabal na coimhdeachta i gceist. Is limistéir nua iad seo ar bronnadh roinnt cumhachta ar an Aontas ina dtaobh ar nós cúrsaí comhshaoil, comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta, oideachas agus oiliúint ghairmiúil, cosaint tomhaltóirí agus Beartas Sóisialta. Éiríonn ceist, áfach, faoi mar shampla reachtaíocht comhshaoil nó sláinte a bhfuil sé mar aidhm aige comhlánú an mhargaidh inmheánaigh a éascú. Tá cuid de na húdair den tuairim go mbainfí a leithéid de bheart amach as réimse na coimhdeachta (Toth, A Legal Analysis of Subsidiarity). Tá an dara tuairim ann a deir nach dtagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais ach na limistéir ar achtaigh an tAontas reachtaíocht ina dtaobh (nó a ndearna an Chúirt Bhreithiúnais cinneadh ina dtaobh) tráth ar tháinig Conradh Maastricht i bhfeidhm (J. Steiner, Subsidiarity Under the Maastricht Treaty). Ní mór fanacht ar chinneadh den Chúirt Bhreithiúnais chun an cheist seo a réiteach slí amháin nó slí eile.


an Chúirt Bhreithiúnas agus Coimhdeacht[athraigh | edit source]

Ní cosúil go gcealóidh an Chúirt Bhreithiúnas reachtaíocht an Aontais go héasca ar foras na coimhdeachta, áfach. Mar shampla, sa chás C-84/94 An Ríocht Aontaithe v. An Chomhairle ba í argóint na Ríocht Aontaithe gur sháraigh an Treoir um Am Oibre prionsabal na coimhdeachta mar gheall nár léiríodh go mbainfeadh buntáistí soiléire le gníomh ag leibhéal an Aontais seachas le gníomh ag an leibhéal náisiúnta. Bhí freagra teirc ag an gCúirt Bhreithiúnais ar an argóint sin go raibh freagracht ar an gComhairle faoi Airteagal 118a (Airteagal 138 anois) glacadh le riachtanais íosta chun cur le sláinte agus sábhálacht agus a luaithe agus a shocraigh an Chomhairle go mba ghá an leibhéal cosanta a bhí ann a fheabhsú agus an dlí sa limistéar a chomhordú agus na feabhsuithe a bhí déanta cheana a choimeád, rinneadh talamh slán de ghníomhaíocht fud fad an Chomhphobail.

Conradh Liospóin[athraigh | edit source]

Pléitear an dá phrionsabal go mion i gConradh Liospóin sa phrótacal maidir le Prionsabail na Coimhdeachta agus na Comhréireachta a chur i bhFeidhm:

PRÓTACAL (Uimh. 2) MAIDIR LE PRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglacfar cinntí ar leibhéal chomh gar agus is féidir do shaoránaigh an Aontais,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in

Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, a bhunú, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bprionsabal sin,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an

Aontais Eorpaigh:-


Airteagal 1 Féachfaidh gach institiúid chuige go ndéanfar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta, mar atá siad leagtha síos in Airteagal 5 den Chonradh

ar an Aontas Eorpach, a urramú i gcónaí.


Airteagal 2 Sula ndéanfaidh sé gníomh reachtach a mholadh, glacfaidh an Coimisiún comhairle go forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más

iomchuí, éirim réigiúnach agus áitiúil na gníomhaíochta arna beartú. Má tá práinn eisceachtúil ann, ní ghlacfaidh an Coimisiún comhairle amhlaidh.

Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh sin ina thogra.


Airteagal 3 Chun críocha an Phrótacail seo, ciallaíonn ‘dréachtghníomhartha reachtacha’ tograí ón gCoimisiún, tionscnaimh ó ghrúpa Ballstát, tionscnaimh ó

Pharlaimint na hEorpa, iarrataí ón gCúirt Bhreithiúnais, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach agus iarrataí ón mBanc Eorpach Infheistíochta d'fhonn gníomh

reachtach a ghlacadh.


Airteagal 4 Cuirfidh an Coimisiún a dhréachtghníomhartha reachtacha agus a dhréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta san am céanna a gcuirfear chuig

reachtóir an Aontais iad.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa a dréachtghníomhartha reachtacha agus a dréachtaí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta.

Cuirfidh an Chomhairle chuig na Parlaimintí náisiúnta na dréachtghníomhartha reachtacha a eascraíonn ó ghrúpa Ballstát, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón

mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta, mar aon leis na dréachtaí leasaithe.

Ar iad a ghlacadh, cuirfidh Parlaimint na hEorpa a rúin reachtacha chuig na Parlaimintí náisiúnta agus cuirfidh anChomhairle a cuid seasamh chucu.


Airteagal 5 Déanfar na dréachtghníomhartha reachtacha a fhírinniú i ndáil le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta. Is cóir ráiteas mionsonraithe a

bheith i ngach dréachtghníomh reachtach ionas gur féidir a mheas an ndéantar prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chomhlíonadh. Is cóir

a bheith sa ráiteas sin freisin measúnú áirithe ar iarmhairt airgeadais an togra agus, más treoir atá ann, measúnú ar a himpleachtaí maidir leis na

rialacha atá le cur chun feidhme ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Tabharfar táscairí cáilíochtúla, agus, nuair is

féidir, táscairí cainníochtúla mar bhunús leis na cúiseanna ar dá mbun a chonclúidítear gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar

leibhéal an Aontais. Déanfar aird a thabhairt leis na dréachtghníomhartha reachtacha ar an ngá atá ann aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó

ina ualach riarthach, a bheidh ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla, ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar shaoránaigh, a

íosmhéadú agus é a bheith comhchuimseach leis an gcuspóir a bheidh le gnóthú.


Airteagal 6 Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta, laistigh d'ocht seachtaine ón dáta a gcuirfear dréachtghníomh

reachtach i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh chuig an bParlaimint nó chuig an seomra sin, tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán

Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a measann sé nó sí nach gcomhlíonann an dréacht i gceist

prionsabal na coimhdeachta. Is faoi gach Parlaimint náisiúnta nó faoi gach seomra de chuid Parlaiminte náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le

Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.

Más ó ghrúpa Ballstát a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán na Comhairle an tuairim chuig rialtais na mBallstát sin.

Más ón gCúirt Bhreithiúnais, ón mBanc Ceannais Eorpach nó ón mBanc Eorpach Infheistíochta a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, cuirfidh Uachtarán

na Comhairle an tuairim chuig an institiúid nó chuig an gcomhlacht i dtrácht.


Airteagal 7 1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún, agus más iomchuí, an grúpa Ballstát, an Chúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais

Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta nó ó

sheomra de Pharlaimint náisiúnta a chur san áireamh.

Beidh dhá vóta ag gach Parlaimint náisiúnta, arna gcionroinnt ar bhonn an chórais pharlaimintigh náisiúnta. Má tá córas parlaiminteach ann ina bhfuil

dhá sheomra, beidh vóta amháin ag gach ceann den dá sheomra.

2. Nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de

na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1, ní mór an dréacht a athbhreithniú. Beidh an

tairseach sin in ionannas leis an gceathrú cuid más dréachtghníomh reachtach é arna thíolacadh ar bhonn Airteagal 76 den Chonradh ar Fheidhmiú an

Aontais Eorpaigh maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún nó, más iomchuí, an grúpa Ballstát, Parlaimint na hEorpa, an Chúirt Bhreithiúnais, an

Banc Ceannais Eorpach nó an Banc Eorpach Infheistíochta, más uathu a eascraíonn an dréachtghníomh reachtach, a chinneadh an dréacht a choimeád ar bun,

a leasú nó a tharraingt siar. Ní mór cúiseanna a thabhairt don chinneadh sin.

3. Ina theannta sin, faoi chuimsiú an ghnáthnós imeachta reachtaigh, nuair a bhíonn tuairimí réasúnaithe á rá nach gcomhlíonann togra do ghníomh

reachtach prionsabal na coimhdeachta in ionannas le tromlach simplí na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta i gcomhréir leis an dara

fomhír de mhír 1, ní mór an togra a athbhreithniú. Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh an togra a choimeád ar

bun, a leasú nó a tharraingt siar.

Má roghnaíonn an Coimisiún an togra a choimeád ar bun, beidh air a fhírinniú i dtuairim réasúnaithe cad chuige a measann sé go gcomhlíonann an togra

prionsabal na coimhdeachta. Ní foláir an tuairim réasúnaithe sin maille leis na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta a chur faoi bhráid

reachtóir an Aontais chun go dtabharfar aird orthu faoi chuimsiú an nós imeachta:

      (a)sula gcríochnófar an chéad léamh, féachfaidh an reachtóir (Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) an gcomhlíonann an togra reachtach    
         prionsabal na coimhdeachta, agus na cúiseanna a agraíonn agus a pháirtíonn tromlach na bParlaimintí náisiúnta agus an tuairim réasúnaithe ón 
         gCoimisiún á gcur san áireamh aige;
      (b)más rud é gurb é tuairim an reachtóra, trí thromlach 55 % de chomhaltaí na Comhairle nó trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh i bParlaimint 
         na hEorpa, nach gcomhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta, ní leanfar leis an togra reachtach a phlé.


Airteagal 8 Beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcaingne mar gheall ar ghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta a shárú, arna dtionscnamh

ag Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó arna gcur in iúl acu i

gcomhréir lena ndlíchóras thar ceann a bParlaiminte náisiúnta nó thar ceann seomra den Pharlaimint sin.

I gcomhréir leis na rialacha dá bhforáiltear san Airteagal sin, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin in aghaidh na

ngníomhartha reachtacha sin dá bhforáiltear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nach mór dul i gcomhairle leis chun iad a ghlacadh.


Airteagal 9 Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Chomhairle Eorpach, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do na Parlaimintí náisiúnta

maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil sin freisin chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus

Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún.


Conradh Liospóin agus Inniúlacht[athraigh | edit source]

Tugann Conradh Liospóin soiléiriú maidir le hinniúlacht an Aontais agus Inniúlacht na mballstát. Sa leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, foráiltear mar seo a leanas:

TEIDEAL I

CATAGÓIRÍ AGUS RÉIMSÍ INNIÚLACHTA AN AONTAIS

Airteagal 2 1. Nuair a dhéanfar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus

gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas

amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.

2. Nuair a dhéanfar inniúlacht arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, féadfaidh an tAontas agus na

Ballstáit reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí sa réimse sin. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéid nach

bhfuil inniúlacht an Aontais feidhmithe aige. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht athuair a mhéad gur chinn an tAontas scor dá feidhmiú.

3. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha agus fostaíochta laistigh de shocruithe dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus a bhfuil inniúlacht

ag an Aontas maidir lena sainiú.

4. Beidh inniúlacht ag an Aontas, i gcomhréir le forálacha an Chonartha ar an Aontas Eorpach, comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a

chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

5. I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna Conarthaí, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú

le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht féin a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh

sin.

Ní bheidh comhchuibhiú ar dhlíthe ná ar rialacháin na mBallstát mar thoradh ar ghníomhartha an Aontais atá ceangailteach ó thaobh dlí arna nglacadh ar

bhonn na bhforálacha sna Conarthaí a bhaineann leis na réimsí sin.

6. Cinnfear an raon feidhme agus na socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú leis na forálacha sna Conarthaí a bhaineann le gach réimse acu.


Airteagal 3 [inniúlacht eisiach ag an Aontas] 1. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas sna réimsí seo a leanas:

     (a) aontas custaim;
     (b) na rialacha iomaíochta is gá a bhunú d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh;
     (c) beartas airgeadaíochta do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu;
     (d) acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh;
     (e) comhbheartas tráchtála.

2. Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh

reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá

thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.


Airteagal 4 [inniúlacht roinnt leis na ballstáit] 1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann na Conarthaí inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear

in Airteagail 3 agus 6.

2. Cuirfear i bhfeidhm inniúlachtaí a bheidh á roinnt idir an tAontas agus na Ballstáit sna príomhréimsí seo a leanas:

     (a) margadh inmheánach;
     (b) beartas sóisialta, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo;
     (c) comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;
     (d) talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú;
     (e) comhshaol;
     (f) cosaint tomhaltóirí;
     (g) iompar;
     (h) gréasáin thras-Eorpacha;
     (i) fuinneamh;
     (j) limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais;
     (k) gnáthchúraimí slándála i gcúrsaí sláinte poiblí, i dtaca leis na gnéithe atá sainithe sa Chonradh seo.

3. I réimsí an taighde, na forbartha teicneolaíche agus an spáis, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, go háirithe cláir a

shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a

fheidhmiú.

4. I réimsí an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus comhbheartas a

sheoladh; ar a shon sin, ní bheidh mar thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.


Airteagal 5 1. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas. Chuige sin, glacfaidh an Chomhairle bearta, go háirithe na mórthreoirlínte do

na beartais sin. Beidh feidhm ag forálacha sonracha maidir leis na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

2. Glacfaidh an tAontas bearta chun comhordú bheartais fostaíochta na mBallstát a áirithiú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a shainiú.

3. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun comhordú bheartais shóisialta na mBallstát a áirithiú.


Airteagal 6 [inniúlacht tacúil ag an Aontas] Beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát agus chun iad a chomhordú nó a fhorlíonadh. Is

iad réimsí na gníomhaíochta sin ar leibhéal Eorpach:

     (a) sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú;
     (b) tionscal;
     (c) cultúr;
     (d) turasóireacht;
     (e) oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt;
     (f) cosaint shibhialta;
     (g) comhar riaracháin.


Airteagal 5 den Chonradh Chomhdhlúite ar an Aontas Eorpach[athraigh | edit source]

Féach freisin Airteagal 5 den Chonradh Chomhdhlúite ar an Aontas Eorpach (sean-Airteagal 5 CCE):-

1. Tá teorainneacha inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag prionsabal na tabhartha. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabail na

coimhdeachta agus na comhréireachta.

2. Faoi phrionsabal na tabhartha, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí atá tugtha dó ag na Ballstáit sna Conarthaí d'fhonn na

cuspóirí atá leagtha amach sna Conarthaí a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sna Conarthaí, fanann siad ag na Ballstáit.

3. Faoi phrionsabal na coimhdeachta, ní ghníomhóidh an tAontas, sna réimsí nach dtig faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad

nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna beartú a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach

agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, na cuspóirí sin a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an

Aontais. Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus

na comhréireachta a chur i bhfeidhm. Áiritheoidh na Parlaimintí náisiúnta go ndéanfar an prionsabal sin a chomhlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta

atá leagtha amach sa Phrótacal sin.

4. Faoi phrionsabal na comhréireachta, ní rachaidh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí

a bhaint amach. Cuirfidh institiúidí an Aontais prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm i gcomhréir leis an bPrótacal maidir le prionsabail na

coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.