Coiliceam capaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Coiliceam capaill

Ríog i bputóg an chapaill a chuireann tús le pian dhian. Baineann éagumas don ainmhí go tapa, agus muna ndéantar cóireáil air go práinneach tarlóidh suaitheadh is cliseadh an imshruthaithe, agus fiú bás. Is féidir go suífidh an t-ainmhí ar a gheadáin, go rollfaidh sé mórthimpeall nó go mbeidh an-chorrach. Is féidir go n-éireoidh is go luífidh sé síos arís is arís eile, nó go luífidh ar a chliathán agus é traochta. Féachann sé timpeall ar a chliathán de réir mar a éiríonn sé níos corraithe. Tarlaíonn an riocht i gcomhthéacs dianstruis, athrú sa bhainistíocht is sa chothú go príomha, nó galair stéigigh. Is féidir go mbeidh bac sa phutóg nó leathadh de bharr gás a bheith sáinnithe inti. Uaireanta bíonn buinneach uisciúil ag ainmhí agus éiríonn sé díhiodráitithe. Más éadrom an riocht is féidir leis an gcapall teacht chuige féin tapa go leor, ach de ghnáth bíonn géarghá le cóireáil phráinneach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Coiliceam capaill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 156.