Coidéacs Eyckensis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCoidéacs Eyckensis

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata

Leabhar Soiscéal ón ochtú haois is ea an Coidéacs Eyckensis atá bunaithe ar dhá lámhscríbhinn chomhpháirteacha a bhí ina gcomhbhlóideach, ón dara haois déag go dtí 1988 de réir cosúlachta. Is é an Coidéacs Eyckensis an leabhar is sine sa Bheilg[1]. Ón ochtú haois ar aghaidh, coimeádadh an leabhar agus rinneadh é a chaomhnú i gcríoch chathair bhardais Maaseik na linne seo. Is dócha gur cuireadh an leabhar amach ag teach screaptra Mhainistir Echternach.

Cur síos ar lámhscríbhinn A agus lámhscríbhinn B[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i gCoidéacs Eyckensis ná dhá leabhar soiscéal ar 133 phárbhileog 244 faoi 183 mm an ceann.

Full-page evangelist portrait and canon tables in the Codex Eyckensis A.

Níl an chéad lámhscríbhinn (Coidéacs A) críochnaithe. Cúig bhileog atá inti, le portráid lánleathanaigh de Shoiscéalaí (Naomh Maitiú is dócha) ar an gcéad leathanach, agus sraith neamhiomlán d’ocht gcinn de Tháblaí Canónacha ina dhiaidh sin. Tá stíl Iodálach-Bhiosántach ar phortráid an tSoiscéalaí, agus is soiléir go bhfuil baint ag an stíl sin le stíl na Soiscéal Barberini atá i Leabharlann na Vatacáine (Barberini Lat. 570). Tá fráma na portráide comhdhéanta de shnaidhmobair Angla-Shacsanach, atá cosúil leis na gnéithe maisiúcháin a úsáidtear i Soiscéil Lindisfarne.

Tugtar léargas ginearálta sna Táblaí Canónacha ar na sliochtaí comhfhreagracha sna ceithre Shoiscéal. Ar an gcaoi seo, is féidir na Táblaí Canónacha a úsáid mar chlár ábhair nó innéacs chun rochtain ar na téacsanna a éascú. Tá na Táblaí Canónacha i lámhscríbhinn A maisithe le colúin agus stuaraí, le siombailí de na ceathrar Soiscéalaí agus le portráidí na naomh.

Tá sraith iomlán de dhá Thábla Chanónacha Dhéag agus de na ceithre théacs Soiscéil sa dara lámhscríbhinn (Coidéacs B). Tá na Táblaí Canónacha maisithe le colúin agus stuaraí, le híomhánna na nAspal agus le siombailí na Soiscéalaithe.  Baintear úsáid as foirm chruinn mhionscript na nOileán sna Soiscéil, ar saintréith í de na lámhscríbhinní ó Shasana agus Éirinn a théann siar go dtí an seachtú agus an t-ochtú haois, ach ar baineadh úsáid aisti freisin sa Mhór-Roinn. Tá imlíne de phoncanna dearga agus buí ag gach ceannlitir sa chéad mhír. Rinne scríobhaí amháin cóipeáil ar an téacs.

Leagan den Vulgáid atá sa téacs Soiscéil, mar a ndearnadh aistriúchán air, den chuid is mó, ag Naomh Iaróm (Iaróm Stridon, 347–420 CR), mar aon le roinnt breiseanna agus trasuíomh. Tá leaganacha inchomparáide  de na téacsanna Soiscéil le fáil sa Leabhar Cheanannais (Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, ms 58), i Leabhar Ard Mhacha (Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, ms 52) agus i Soiscéil Echternach (Páras, Bnf, ms Lat.9389).

Stair (a bhunús go dtí an 20ú haois)[cuir in eagar | athraigh foinse]

The Codex Eyckensis displayed in the St Catherine's Church in Maaseik

Téann an Coidéacs siar go dtí an ochtú haois agus coimeádadh ar dtús é in iar-Mhainistir Bheinidicteach Aldeneik, a coisriceadh in 728 CR. Bunaíodh an mhainistir seo ag na daoine uaisle Meirvínseacha Adelard, an Tiarna Denain, agus a bhean chéile Grinuara, dá n-iníonacha Harlindis agus Relindis i “gcoill bheag gan mhaith”[2] in aice leis an abhainn Meuse. Tugadh an t-ainm Eyke (“dair”) ar an gclochar, i ndiaidh na n-darach a bhí ag fás ann. Níos déanaí, de réir mar a tháinig méadú ar an sráidbhaile Nieuw-Eyke (“dair nua”—Maaseik na linne seo) in aice láimhe agus ar a thábhachtaí agus a bhí sé, tugadh an t-ainm Aldeneik (“sean-dair”) ar an sráidbhaile bunaidh. Rinne Naomh Willibrord Harlindis a choisricean mar chéad bhan-ab den phobal reiligiúnach seo. Nuair a fuair sí bás, rinne Naomh Boniface a deirfiúr a choisricean mar a comharba.

Rinneadh staidéar sa chlochar ar an gCoidéacs Eyckensis agus úsáideadh freisin é chun teagasc Chríost a scaipeadh. Is dóigh gur thug Naomh Willibrord an dá leabhar soiscéal atá ina gcuid de Choidéacs Eyckensis anois ó Mhainistir Echternach chomh fada le Aldeneik.

Is dócha gur cuireadh an dá lámhscríbhinn le chéile agus ceangal amháin orthu le linn an dara haois déag.

Tréigeadh mainistir Aldeneik sa bhliain 1571. Ó lár an deichiú haois, tháinig caibidil choláisteach de chanónaigh fhireannacha in ionad na mban rialta Beinidicteach. Le baol níos mó ann go mbrisfeadh cogadh reiligiúnach amach, chuaigh na canónaigh ar a gcaomhnú i mbaile múrtha Maaseik. Thug siad na cistí eaglaise ó Aldeneik—Coidéacs Eyckensis san áireamh—chomh fada le séipéal Chaitríona.

Údarthacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Text folio in the Codex B

Bhíothas lánchinnte de, leis na céadta bliain, gur scríobh Harlindis agus Relindis, na chéad bhan-abaí de Mhainistir Aldeneik a ndearnadh naoimh díobh níos déanaí, an Coidéacs Eyckensis. Rinne sagart áitiúil a naomhsheanchas a scríobh síos sa naoú haois[3]. Déantar trácht sa téacs seo freisin ar leabhar soiscéal a scríobh Harlindis agus Relindis. Le linn an naoú haois, d’éirigh cultas thaisí na ndeirfiúracha naofa níos tábhachtaí. Tugadh ómós don Choidéacs Eyckensis mar shampla, rud a spreag an-ómós mar shaothar a cuireadh le chéile ag Harlindis agus Relindis[2].

Séantar é seo go soiléir sna línte deireanacha den dara lámhscríbhinn áfach: Finito volumine deposco ut quicumque ista legerint pro laboratore huius operis depraecentur (Ag deireadh an imleabhair seo, iarraim ar an léitheoir guí ar son an oibrí a chuir an lámhscríbhinn seo le chéile). Is soiléir ón bhfoirm fhireannach laborator (“oibrí”) sa téacs bunaidh gur scríobh fear an lámhscríbhinn.

Rinne Albert Derolez (Ollscoil Ghent) agus Nancy Netzer (Coláiste Bhostúin) anailís chomparáideach ar na lámhscríbhinní sa bhliain 1994 agus thaispeáin an anailís sin go dtéann lámhscríbhinní A agus B siar go dtí an tréimhse ama chéanna agus, mar sin, go bhfuil seans maith ann gur cuireadh an dá lámhscríbhinn le chéile i dteach screaptra Mhainistir Echternach agus fiú gurbh é an scríobhaí céanna a chuir amach iad[4].

Iarracht ar chaomhnú agus ar athchóiriú sa bhliain 1957[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1957, rinne Karl Sievers, athchóiritheoir ó Düsseldorf, iarracht an Coidéacs Eyckensis a chaomhnú agus a athchóiriú. Bhain agus scrios sé an ceangal veilbhite dearg ón 18ú haois agus rinne sé bileoga uile na lámhscríbhinne a lannú le Mipofolie. Is éard is Mipofolie ann ná scragall polaivinilclóiríde (PVC), a bhfuil brat de thaláití dé-octail air. Le himeacht ama, chruthaigh an scragall seo aigéad hidreaclórach a rinne dochar don mheamram sa chaoi is gur tháinig dath buí ar an scragall féin. Bhí tionchar aige sin ar thrédhearcacht agus dath an mheamraim, agus d’fhéadfadh na polaiméirí sa scragall dul isteach sa mheamram sa chaoi is go n-éireodh sé briosc. Tar éis don choidéacs a lannú, rinne Sievers é a cheangal arís. Chun é sin a dhéanamh, ghearr sé ciumhaiseanna na mbileog, agus cailleadh píosaí den mhaisiú.

Detail from the Codex B

Rinneadh iarracht nua fhorleathan ar an gCoidéacs a athchóiriú idir na blianta 1987 agus 1993 nuair a rinne foireann ó Institiúid Ríoga na Beilge don Oidhreacht Chultúrtha, faoi cheannaireacht an cheimiceora an Dr. Jan Wouters, an lannú Mipofolie a bhaint go cúramach den mheamram. Tar éis don lannú a bheith bainte, forbraíodh teicníc nuálach um bileogmhúnlú meamraim chun na bileoga a athchóiriú. Chun an obair athchóirithe a chur i gcrích, ceanglaíodh an dá lámhscríbhinn chomhpháirteacha den Choidéacs ar leith[5].

Doiciméadú agus digitiú [cuir in eagar | athraigh foinse]

Téann an doiciméadúchán fótagrafach is sine maidir leis an gCoidéacs Eyckensis siar go dtí timpeall 1916 (Bildarchiv Marburg). Le linn an athchóirithe, tógadh grianghraif den lámhscríbhinn in Institiúid Ríoga na Beilge don Oidhreacht Chultúrtha (KIK–IRPA). Foilsíodh facsamhail sa bhliain 1994[6].

Sa bhliain 2015, rinneadh an Coidéacs Eyckensis a dhigitiú ar an láthair i Seipéal Chaitríona ag an tSaotharlann Íomháithe agus Illuminare – An Lárionad um Staidéar ar Ealaín na Meánaoise | KU Leuven. An tOll. Lieve Watteeuw[7] a bhí i gceannas ar an tionscadal seo. Cuireadh na híomhánna ardtaifigh ar fáil ar líne i gcomhar le LIBIS (KU Leuven).

Aithníodh an Coidéacs Eyckensis mar oidhreacht dho-aistrithe sa bhliain 1986 agus tugadh cosaint dó. Sa bhliain 2003, aithníodh an Coidéacs Eyckensis mar Shárshaothar Pléimeannach Curtha i gcartlann 2017-02-05 ar an Wayback Machine.

Taighde reatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn 2016–2017, déanfaidh foireann taighdeoirí ón Illuminare – An Lárionad um Staidéar ar Ealaín na Meánaoise | KU Leuven (an tOll. Lieve Watteeuw) agus ó Institiúid Ríoga na Beilge don Oidhreacht Chultúrtha (an Dr. Marina Van Bos) staidéar eile ar an gCoidéacs Eyckensis. 

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo:

- www.codexeyckensis.be 

- An tSaotharlann um Oidhreacht Leabhar-KU Leuven Curtha i gcartlann 2017-02-11 ar an Wayback Machine

- Institiúid Ríoga na Beilge don Oidhreacht Chultúrtha (KIK–IRPA)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Coenen, J. (1921) Het oudste boek van België, Het Boek 10, pp. 189-194.

Coppens, C., A. Derolez en H. Heymans (1994) Codex Eyckensis: an insular gospel book from the abbey of Aldeneik, Antwerpen/Maaseik, facsimile.

De Bruyne, D. (1908) L'évangéliaire du 8e siècle, conservé à Maeseyck, Bulletin de la Société d'Art et d'Histoire du Diocèse de Liège 17, pp. 385-392.

Dierkens, A. (1979) Evangéliaires et tissus de l’abbaye d’Aldeneik. Aspect historiographique,  Miscellanea codicologica F. Masai Dicata (Les publications de Scriptorium 8), Gent, pp. 31-40.

Falmagne, T. (2009) Die Echternacher Handschriften bis zum Jahr 1628 in den Beständen der Bibliothèque nationale de Luxembourg sowie Archives diocésaines de Luxembourg, der Archives nationale, der Section historique de l' Institut grand-ducal und des Grand Séminaire de Luxembourg, Wiesbaden, Harrassowitz Verlag, 2 Banden: 311pp. + [64] ill., 792pp.

Gielen J. (1880) Le plus vieux manuscrit Belge, Journal des Beaux-Arts et de la Littérature 22, nr. 15, pp. 114-115.

Gielen, J. (1891) Evangélaire d'Eyck du VIIIe siècle, Bulletin Koninklijke Commissie voor Kunst en Oudheden 30, pp. 19-28.

Hendrickx, M. en W. Sangers (1963) De kerkschat der Sint-Catharinakerk te Maaseik. Beschrijvende Inventaris, Limburgs Kunstpatrimonium I, Averbode, pp. 33-35.

Mersch, B. (1982) Het evangeliarium van Aldeneik, Maaslandse Sprokkelingen 6, pp. 55-79.

Netzer, N. (1994) Cultural Interplay in the 8th century and the making of a scriptorium, Cambridge, Cambridge University Press, 258pp.

Nordenfalk, C. (1932) On the age of the earliest Echternach manuscripts, Acta Archeologica, vol. 3, fasc. 1, Kopenhagen: Levin & Munksgaard, pp. 57-62.

Schumacher, R. (1958) L’enluminure d’Echternach: art européen, Les Cahiers luxembourgeois, vol. 30, nr. 6, pp. 181-195.

Spang, P. (1958) La bibliothèque de l’abbaye d’Echternach, Les Cahiers luxembourgeois, vol. 30, nr. 6, pp. 139-163.

Talbot, C.H. (1954) The Anglo-Saxon Missionaries in Germany. Being the Lives of SS. Willibrord, Boniface, Sturm, Leoba and Lebuin, together with the Hodoeporicon of St. Willibald and a selection of the Correspondence of Boniface, [vertaald en geannoteerd], Londen-New York, 1954, 234pp.

Verlinden, C. (1928) Het evangelieboek van Maaseik, Limburg, vol. 11, p. 34.

Vriens, H. (2016) De Codex Eyckensis, een kerkschat. De waardestelling van een 8ste eeuws Evangeliarium in Maaseik, onuitgegeven master scriptie Kunstwetenschappen, KU Leuven.

Wouters, J., G. Gancedo, A. Peckstadt, en L. Watteeuw, L. (1990) The Codex Eyckensis: an illuminated manuscript on parchment from the 8th century: Laboratory investigation and removal of a 30 year old PVC lamination, ICOM triennial meeting. ICOM triennial meeting. Dresden, 26-31 August 1990, Preprints: pp. 495–499.

Wouters, J., G. Gancedo, A. Peckstadt en L. Watteeuw (1992) The conservation of the Codex Eyckensis: the evolution of the project and the assessment of materials and adhesives for the repair of parchment, The Paper Conservator 16, pp. 67-77.

Wouters, J., A. Peckstadt en L. Watteeuw (1995) Leafcasting with dermal tissue preparations: a new method for repairing fragile parchment and its application to the Codex Eyckensis, The Paper Conservator 19, pp. 5-22.

Wouters, J., Watteeuw, L., Peckstadt, A. (1996) The conservation of parchment manuscripts: two case studies, ICOM triennial meeting, ICOM triennial meeting. Edinburgh, 1-6 September 1996, London, James & James, pp. 529-544.

Wouters, J., B. Rigoli, A. Peckstadt en L. Watteeuw, L. (1997) Un matériel nouveau pour le traitement de parchemins fragiles, Techné: Journal of the Society for Philosophy and Technology, 5, pp. 89-96.

Zimmerman, E.H. (1916) Vorkarolingische Miniaturen, Deutscher Verein für Kunstwissenschaft  III, Sektion, Malerei, I. Abteilung, Berlin, pp. 66-67; 128; 142-143, 303-304.

Teimpléad:Https://nl.wikipedia.org/wiki/Codex Eyckensis

  1. Coenen, J., Het oudste boek van België, Het Boek 10, 1921, S. 189-194.
  2. 2.0 2.1 Acta Sanctorum, Martii, unter Leitung von J. Carnandet, 3. Teil, Paris-Rom, 1865, S. 383-390, Abs. 7.
  3. Abbaye d’Aldeneik, à Maaseik, in Monasticon belge, 6, Province de Limbourg, Lüttich, 1976, S. 87.
  4. Netzer, N.(1994) Cultural Interplay in the Eighth Century. The Trier Gospels and the Making of a Scriptorium at Echternach, Cambridge-New York.
  5. Wouters, J., Gancedo, G., Peckstadt, A., Watteeuw, L. (1992). The conservation of the Codex Eyckensis: the evolution of the project and the assessment of materials and adhesives for the repair of parchment. The Paper Conservator 16, 67-77. http://www.tandfonline.com/doi/abs/10.1080/03094227.1992.9638578
  6. Coppens, C. , A. Derolez und H. Heymans (1994) Codex Eyckensis: an insular gospel book from the abbey of Aldeneik. Maaseik: Museactron.
  7. https://www.arts.kuleuven.be/english/news/codex eyckensis