Cogal

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Planda bliantúil le gas gan mórán géag, 30-100 cm ar airde, cumhdaithe i ribí bána. Na bláthanna 3-5 cm ar leithead le gais is feadán cailíse lomrach, na peitil scothdhearg/corcra, rud beag mantach. Bhíodh sé ina fhiaile choiteann i ngoirt arbhair i ngach áit tráth, ach ag dul i léig anois, annamh in áiteanna. Tuigtear go bhfuil na síolta nimhiúil. Nuair a bhíonn sé flúirseach, laghdaíonn caighdeán an phlúir a tháirgtear.