Cogaí na nGallach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cogaidh na nGallach)
Cogaí na nGallach
Cogaí na nGallach

"Caitheann Vercingetorix a Armas síos roimh chosa Iúil Caesar. 1899, le Lionel Noel Royer"

Dáta: 58 - 51 RC
Toradh: Bua cinntitheach na Rómhánach
Céilí comhraic
Poblacht Rómhánach Roinnt treibheanna Gallacha, Beilgeacha, Briotanacha agus Acatánacha, chomh maith le codanna de threibheanna na nGearmánach agus na Spáinneach
Ceannasaithe
Julius Caesar,
Titus Labienus,
Marcas Antaine,
Quintus Cicero,
Publius Licinius Crassus
Vercingetorix,
Ambiorix,
Commius,
Ariovistus
Slua
120,000 fear (60,000 léigiúnach, 60,000 saighdiúir cúntacha) anaithnid
Taismigh
30,000+ básanna,
10,000+ créachtaithe
anaithnid

Sraith d'fheachtais míleata ba ea Cogaí na nGallach, a chuir an leaschonsal Rómhánach Iúil Caesar ar roinnt treibheanna Gallacha, a mhair ó 58 RC go 51 RC. Thug na Rómhánaigh ruathair ar Bhritannia agus ar Ghermania chomh maith, ach bhí na sluaíochtaí seo teoranta go leor. Shroich na cogaigh seo a mbuaicphointe i gCath cinntitheach Alesia sa bhliain 52 RC, nuair a bhain na Rómhánaigh bua iomlán amach agus ina dhiaidh sin, leathnaigh an Phoblacht Rómhánach amach fud fad na Gaille. Réitigh bua Alesia an bealach do Chaesar bheith ina rialtóir aonair na Poblachta Rómhánaí.