Cogadh Canudos

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard a bhí i gceist le Cogadh Canudos ná coimhlint i gcúlriasca Bahia sa Bhrasaíl idir rialtas na Brasaíle agus seict reiligiúnda na gConselhistas a chuir fúthu san iargúltacht. Ba é an seanmóirí Antônio Vicente Mendes Maciel, nó "An Comhairleoir" (Conselheiro), as Portaingéilis, a bhunaigh an tseict reiligiunda seo.

Antônio Vicente Mendes Maciel (nó "Antônio Conselheiro") tar éis a bháis

Cúlra na nImeachtaí[athraigh | edit source]

Cruachás Mhuintir na gCúlriasc[athraigh | edit source]

Bhí Bahia ar ceann de na cúigí ba bhoichte ar fud na Brasaíle. Na daoine a raibh cónaí orthu ansin, iar-sclábhaithe agus bundúchasaigh a bhí iontu nach raibh mórán seasaimh acu sa tsochaí. Bhí fáilte ag muintir Bahia roimh gach sórt seanmóirithe reiligiúnda a bhí ag gealladh feabhas an tsaoil, cosúil le hAntônio, nó bhí siad in umar an éadóchais ar fad ag a gcruachás. Bhí Antônio agus lucht a leanúna ag dul ó bhaile go baile, agus é ag tabhairt óráidí ina raibh sé ag gealladh go dtiocfadh athrú réabhlóideach ar na cúrsaí ar fad. Shiúil sé cúigí bochta na Brasaíle - Ceará, Pernambuco, Sergipe agus Bahia - agus daoine ó gach áit ag greamú den díorma a bhí á leanúint.

Bunú Canudos[athraigh | edit source]

Sa bhliain 1893, shocraigh seisean agus lucht a leanúna i gCanudos in aice le cathair Monte Santo i dtuaisceart Bahia. Tháinig tuilleadh daoine ina dhiaidh sin le cur fúthu i gCanudos, agus sa deireadh, bhí an áit éirithe chomh mór is go raibh an tseict ag déanamh scime do mhuintir na gcathrach ina timpeall. Bhí trioblóid éigin ag na Conselhistas (mar a thugtaí ar bhaill na seicte) le trádálaí adhmaid i gcathair Juazeiro, agus bhain sé scanradh as méara na cathrach: bhí sé suite siúráilte go raibh na seicteoirí leis an áit a ionsaí. Mar sin, d'áitigh an méara ar na húdaráis fheidearálacha saighdiúirí a sheoladh go Bahia le muintir na gcathrach máguaird a chosaint ar na Conselhistas. Chuaigh beirt mhanach go Canudos le headráin a dhéanamh sa chonspóid, ach ní raibh gar ann. Sa deireadh, thug rialtas an chúige ar an gCaptaen Virgílio Pereira de Almeida Canudos a thabhairt chun síochána. Thug an Captaen a aghaidh ar Canudos agus tríocha saighdiúir á thionlacan, ach ansin, bhris na Conselhistas an cath orthu go hiomlán, agus maraíodh na saighdiúirí go léir.

An Cogadh[athraigh | edit source]

Tús an Chogaidh[athraigh | edit source]

Chuir an nuacht seo rialtas feidearálach na Brasaíle trí chéile ar fad. Ní raibh Stáit Aontaithe na Brasaíle ach úrbhunsithe, agus is é an chiall is réidhe a bhain an tUachtarán Prudente de Moraes as an scéal gur ceannairc mhonarcaíoch nó scarúnach a bhí ann. Ar an 21 Samhain 1896, d'ionsaigh colún nua saighdiúirí Canudos, 104 fear ar fad faoi cheannas an Leifteanant Pires Ferreira. Fuair siad rompu leathmhíle fear de chuid Antônio Conselheiro, agus iad ag beartú tuanna agus uirlisí lainne eile. D'eirigh leis na seicteoirí an cath a bhriseadh ar na saighdiúirí agus ruaigeadh a chur orthu, ach san am céanna, maraíodh céad go leith fear de na seicteoirí féin.

Fórsa Sluaíochta Febrônio de Brito[athraigh | edit source]

Anois, bhí an rialtas feidearálach ag éirí mífhoighneach i ndáiríre. Ghléas Aire an Chogaidh, an Ginearál Francisco de Paula Argolo, sluaíocht nua chun Canudos a ionsaí, agus anois, bhí breis is leathmhíle saighdiúir ann. Ba é an Maor Febrônio de Brito a bhí i gceannas ar an gcolún. Nuair a bhain na saighdiúirí amach Canudos, áfach, fuair siad amach go raibh an áit daingnithe go maith, agus a muintir ar bís chun cogaidh. Thosaigh an cath ar an 6 Eanáir 1897. Ar dtús, bhí ag éirí go maith leis na saighdiúirí, ó bhí airm nua-aimseartha agus airtléire acu. Ina dhiaidh sin féin, bhí muintir Canudos ábalta an cath a bhriseadh orthu agus iad a ruaigeadh as an áit, nó bhí lucht leanúna Antônio Conselheiro i bhfad ní ba líonmhaire ná na saighdiúirí.

A Matadeira ("an Marfóir", an ceann is mó de na gunnaí móra a bhí in úsáid ag an bhfórsa a chuir deireadh le Canudos)

Fórsa Sluaíochta Antônio Moreira César[athraigh | edit source]

Ní raibh de rogha ar an Arm ach fórsa sluaíochta a ghléasadh a bheadh ní ba mhó ná colún Febrônio de Brito. Ar an 6 Márta 1897, shroich díorma nua Canudos. Bhí trí chathlán cos-slua, cathlán amháin marcshlua agus cathlán amháin airtléire ann, agus an Coirnéal Antônio Moreira César, fear a raibh taithí cogaidh aige, i gceannas ar an iomlán. I ndiaidh dhá lá, áfach, bhí an Coirnéal féin marbh, agus fórsaí an Rialtais scaipthe.

An Mórionsaí agus Deireadh an Chogaidh[athraigh | edit source]

Anois, chinn an Rialtas ar an scéal a réiteach le lámh chomh láidir agus a bheadh ar fáil. Cuireadh gairm chruinnithe ar Chaibinéad an Chogaidh, agus thug Aire an Chogaidh féin cuairt ar Monte Santo le tír-raon an chatha a thaighde. I Monte Santo, tháinig slua mór saighdiúirí le chéile, trí mhíle fear ar fad, chomh maith le ceárta mhór de ghléasra cogaidh, ar nós habhatsair agus gunnaí móra.

Ní raibh an cogadh ag éirí le muintir Canudos a thuilleadh, nó fuair Antônio Conselheiro féin bás ar an 22 Meán Fómhair 1897. Creidtear go raibh an dinnireacht air, agus go raibh sé tar éis a chóras imdhíonachta a chur ó mhaith lena chuid cleachtais diantréanais. Bhí an bia ag rith gann ar mhuintir Canudos ar fad, agus nuair a chuaigh na saighdiúirí isteach i gCanudos ar an 2 Deireadh Fómhair tar éis an áit a bhombardú seachtain i ndiaidh seachtaine, ní bhfuair siad ansin ach triúr fear a bhí ábalta buille a bhualadh ar a son.

Cuid mhór de mhuintir na háite a mhair beo go nuige seo, mharaigh na saighdiúirí iad. Is iomaí bean de lucht leanúna Antônio a d'éignigh siad freisin. Níor tháinig ach 150 duine acu beo. Cuireadh cuid de na mná go drúthlanna, agus maidir le hAntônio Conselheiro, dhí-adhlaic na saighdiúirí a chorpán agus bhain siad a chloigeann de, mar shiombaile don bhua.

Sna Meáin[athraigh | edit source]

Eachtra dhrámatúil i stair na Brasaíle é Cogadh Canudos, agus mar sin, thug sé inspioráid do scríbhneoirí agus d'ealaíontóirí.

Sa bhliain 1902, cúig bliana i ndiaidh dheireadh an chogaidh, d'fhoilsigh an scríbhneoir Brasaíleach Euclides da Cunha a thuarascáil chlasaiceach faoi chogadh Canudos, Os Sertões ("Na Cúlriasca"), arb í an fhoinse stairiúil is tábhachtaí a thugann cur síos ar imeachtaí an chogaidh. hAistríodh an leabhar go Béarla faoin teideal Rebellion in the Backlands.

Leabhar ficseanúil faoi Chogadh Canudos é an t-úrscéal La Guerra del Fin del Mundo ("Cogadh Dheireadh an tSaoil") le Mario Vargas Llosa, an scríbhneoir Peiriúch a bhain amach Duais Nobel sa litríocht.

Sa bhliain 1997, tháinig an scannán Guerra de Canudos ("Cogadh Canudos") leis an stiúrthóir Brasaíleach Sérgio Rezende ar an scáileán. Ba é José Wilker a rinne páirt Antônio Conselheiro.

Sa bhliain 2007 a rinne an scannánaí Brasaíleach Paulo Fontanelle scannán faisnéise faoina sliocht sleachta siúd a tháinig slán as Canudos, Sobreviventes - Os Filhos da Guerra de Canudos ("Na hIarmharáin - Clann Chogadh Canudos").