Cogaíocht cheimiceach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Úsáid ceimiceán marfach nó díblithe mar airm. Chuir Coinbhinsiúin na Háige (1899) toirmeasc ar a leithéid, ach bhain na Gearmánaigh feidhm as airm cheimiceacha sa chéad chogadh domhanda in ainneoin gur shínigh siad iad. Rinne siad lón mór cogaidh d'oibreáin néarógacha sa dara cogadh domhanda, agus rinne na Sóivéadaigh is na Meiriceánaigh an rud céanna i rith an chogaidh fhuair. Sna 1960idí scaip na Briotanaigh oibreán flannbhuí, luibhicíd atá toscaineach do dhaoine is ainmhithe, ar na foraoisí le linn cogaidh sa Mhalae, agus i Vítneam scaip na Meiriceánaigh na milliúin bairille de, sa chogaíocht cheimiceach is mó fairsinge riamh.